Scríobhann Cormac Ó hEadhra, tuairisceoir Scannal speisialta atá ar siúl anocht ar RTÉ ONE ag 7pm a fhiosraíonn binse Moriarty agus atá ar nós scannán seachas stair na hÉireann.
Íocaíochtaí móra mílteach ó lucht gnó do pholaiteoirí; Aire rialtais ag baint mí-úsáide as a chuid cumhachta; fiontraí óg a dhéanfadh na billiúin euro; scannail mhóra polaitiúla - tá na cláracha seo chomh drámatúil le haon scannán. Ach baineann sé linne, le hÉire, le polaitíocht s'againne. Agus tá gné reatha ag baint leis freisin mar tá cuid de na pearsaí a bhí lárnach ann, fós lárnach sa bpolaitíocht inniu, Michael Lowry ach go háirithe.
Seo hé an chéad uair riamh go bhfuil na conspóidí móra agus conclúidí damanta an bhreithimh AGUS a dtionchar ar pholaitíocht an lae inniu curtha os comhair an phobail.
An damnú a rinne FG agus FF (an Taoiseach ina measc) ar Mhichael Lowry nuair a foilsíodh tuarascáil an Bhinse Fiosraithe, ach iad sásta margadh a dhéanamh leis le gairid chun comhrialtas a bhunú.
80m euro agus 14 bliain caite ag an mBínse Fiosraithe i mbun oibre, ach céard a baineadh amach i ndáiríre?
An bhfuil an córas polaitíochta agus gnó sa tír aon phioc níos fearr as mar gheall ar na scannail agus ar an mBinse Fiosraithe a d'eascair astu?
Trí scrúdú a dhéanamh ar an mBinse Fiosraithe, ar an méid a d'eascair as agus ar an bpolaitíocht reatha, ardaíonn na cláracha ceisteanna nach bhféadfaí a fhreagairt roimhe seo.
Óg nó aosta, má bhreathnaíonn daoine ar an chéad 120 soicind, níl aon amhras orm ach go leanfaidh siad leis. Súifidh an scéal isteach iad, táim cinnte de.
Sa chlár speisialta dhá chuid seo, cuirfidh foireann Scannal na heachtraí go léir as ar eascair an Binse i ndiaidh a chéile dúinn; an fhianaise, na rúin a tháinig chun solais, moilleanna agus rátaí in aghaidh na huaire a chuir fearg agus alltacht ar an tír agus na torthaí a bhfuil uafás fós á gcur acu ar dhaoine 14 bliana déag níos déanaí. Casfaidh Cormac Ó hEadhra, láithreoir Drivetime, le hiriseoirí, dlíodóirí agus polaiteoirí chun súil a chaitheamh siar ar an mBinse agus ar na himeachtaí ba chionsiocair leis, lena fháil amach, ar bhreathnú siar dúinn anois, arbh fhiú Binse Moriarty sa deireadh - nó, más fíor do Denis O'Brien é, ar cur amú iomlán d’airgead an cháiníocóra a bhí ann?
The Moriarty Tribunal sat for over 14 years and has so far cost over €80 million, but what did it actually achieve?
In this two-part special, the Scannal team pieces together the events that led to the Tribunal; the evidence, revelations, delays and hourly rates that scandalised the nation and the bombshell findings whose aftershocks are still being felt 14 years on. Drivetime presenter Cormac Ó hEadhra meets journalists, lawyers and politicians to reflect on the Tribunal and the events that sparked it and asks, in hindsight, whether the Moriarty Tribunal was worth it – or, as Denis O'Brien claims, a complete waste of taxpayers’ money?
In November 1996, Sunday Independent journalist Sam Smyth broke the shocking story that an extension to the house of then Fine Gael Minister for Transport, Energy and Communications, Michael Lowry, had been funded by Ben Dunne, scion of the Dunne’s Stores business dynasty.
Cormac Ó hEadhra and a cast of journalists, experts and commentators reflect on the fallout after the publication of Justice Moriarty’s final report and how the aftershocks continue to be felt to this day.
Scannal, 7pm Dé Máirt an 2 agus 9 Nollaig ar RTÉ One