Labhair eagarthóirí agus páirtithe leasmhara le Tús Áite faoina bhfoilseachán siúd agus torthaí shuirbhé Thús Áite faoi staid reatha na meáin Ghaeilge atá ag teacht chun solais.
Is féidir leat an suirbhé a líonadh isteach anseo
Labhair Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi thorthaí an Raidió go dtí seo.
Dúirt Gearóid go dtagann maoiniú an stáisiúin ón airgead a thagann chucu ón gCeadúnas Teilifíse agus ó fhógraíocht. Luaigh sé gur chosaint sé 12.6 milliún an stáisiún a choinneáil ar an aer an bhliain seo caite. Mhínigh sé gur tháinig €474,000 isteach ón bhfógraíocht nua a thosaigh an bhliain seo caite. Tagann an t-airgead isteach go ciste lárnach agus scaipeann bainistíocht RTÉ an t-airgead as sin chuig na stáisiúin uilig faoina cúram.

Tháinig níos mó airgead go RnaG anuraidh ná nablianta roimhse sin agus deir Gearóid gur caitheadh an t-airgead sin ar dhíon nua ar Chasla chomh maith le infrastructúr agus trealamh eile a bhí ag teastáil go géar agus dár ndóigh, comhionannas pá don fhoireann. Tá 'níos mó infheistíochta ag teastáil' don stáisiún a deir Mac Donncha.
Ag caint ar na torthaí a tháinig chun solais sa suirbhé, deir Gearóid go raibh sé 'sásta go leor' leo. Deir sé go bhfuil an stáisiún fréamhaithe sna ceantair Ghaeltachta ach go bhfuil iarrachtaí ar bun ag an stáisiún freastal ar phobail na Gaeilge atá lasmuigh de na Gaeltachtaí freisin.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.