Ag An Post Irish Book Awards, bronnadh gradam Love Leabhar Gaeilge, Leabhar Ficsin na Bliana ar Bhódléar le Darach Ó Scolaí.
Bhí ceathrar ar an ngearrliosta i mbliana;
An Bhlaosc sa mBois le Mícheál Ó Conghaile, Scéalta Nollag le hAlan Titley, Fiche le Colm Ó Ceallacháin agus Bódléar le Darach Ó Scolaí. Is í an craoltóir Sinéad Ní Uallacháin a bhronn an duais ar Dharach Ó Scolaí ar an oíche.
Cur síos ar an leabhar:
I mbaile beag ar an gcósta thiar, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Bhliantúil na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn an-fháilte ag muintir an bhaile roimhe féin agus na hamhráin nua. Ach i mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo amach, cumfaidh sé "filíocht níos fírinní!" Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua gan cheol gan rithim, tagann uafás orthu.
Éist anseo le léirmheas ar an leabhar ar an gclár Tús Áite le hÁine Ní Ghlinn.

Ar an oíche, bronnadh duais Journal.ie Best Irish-Published Book of the Year ar Ninety-Nine Words for Rain (and One for Sun) – Manchán Magan (nach maireann) illustrated by Megan Luddy (Gill Books)
Cuirfidh Oliver Callan clár teilifíse speisialta i láthair a chraolfar ar an 11 Nollaig.
Is féidir leat cóip den leabhar a cheannach anseo.