skip to main content

An Chóisir Cheoil beo ó Bhéal Feirste

Beidh Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí ag craoladh beo ó Tigh Mhadáin i mBéal Feirste ó 2.30 - 5pm amárach chun Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair a sheoladh go hoifigiúil.

Beidh ceol beo ó:

Tempest: Bláithín Mhic Cana, Brendan Mulholland, Luke Ward agus Aaron O'Hagan

Síomha Ní Ghribín, Cumann Ceoil Thradisiúnta Choláiste Mhuire, The Railway Boys, Eve Belle, Sinéad McKenna agus Mickey Fearon, Edel Ní Churraoin, Dónall Ó Connor, Naoise Mac Cathmhaoil, Cathal Ó Curráin agus Marty Barry agus a lán eile, chomh maith le craic agus comhrá ó aíonna speisialta eile lena n-airítear Caoimhe Chats Ní Chathail, Dónal Ó Connor agus a lán eile.

Beidh dhá ollthicéad do Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2025 le buachan le linn an chláir chomh maith.