Learning Irish isn't easy, this we know. That said, bringing Gaeilge into your daily life is easier than you'd imagine. Here are 3 recommendations for those who want to enjoy some good television, whilst tuning into Gaeilge.
Tá dul chun cinn iontach déanta ag scríbhneoirí Gaeilge ach go háirithe don scáileán le tamall de bhlianta anuas. Ó dhrámaíocht dhorcha go scéalta spreagúla, tá na teorainneacha a bhíodh ann don chlár Gaeilge bainte anuas. Seo rogha de chláracha a thaitin go mór linne le déanaí.
Crá
Described as Gaeltacht-noir, Crá is an excellent binge watch for these dark winter nights. Lonnaithe i nDún na nGall leis an sár-aisteoir, Dónall Ó hÉalaí sa phríomhról, tá sé ar fheabhas. In a close-knit Irish village, a body is found in a bog - a case that's shockingly personal for a Garda.
The second series of Crá has been recently been commissioned so you can expect more twists and turns soon!
Féach ar Crá anseo/ Watch Crá here.
Renowned singer, Imelda May has wanted to learn Irish and sing songs in Irish for many years. In this beautiful documentary, we follow her journey, building the confidence to do so.
Leanann Amhráin na nGael Imelda agus í ag casadh le cuid de na hamhránaithe is mó sa tír ó cheann ceann na tíre. Spreagtar spéis agus fiosracht Imelda nuair a chloiseann sí máistrí na ceirde.
Sa chlár deireanach sa tsraith, tá Imelda i ndeisceart Ard Mhacha le hamhránaithe agus gníomhaithe teanga sula bhfilleann sí ar an Ardchathair.
In a poignant finale, Imelda is in South Armagh with a cohort of Irish language activists and singers, before she returns to Dublin's Liberties to share all she has learned with her sisters. As they perform, they realise that no matter what age, the art of sean-nós and the Irish language belongs to everyone.
The last show in the series airs Friday, 28th November at 8.30 on RTÉ ONE
Féach siar/ Watch the whole series back here

Clár álainn é Glacaim Leat a fhéachann siar ar an reifreann ar chomhionannas pósta a tharla deich mbliana ó shin ach a fhiosraíonn na dúshláin atá roimh an bpobal LGBTQ freisin. Get the tissues out for this one, it is an emotional rollercoaster.
Féach siar ar Glacaim Leat anseo
Watch Glacaim Leat here