skip to main content

Ealaíon ar an imeall: Cogar ag Other Voices

Cogar ag Other Voices
Cogar ag Other Voices

Tá cáil ar Other Voices as scoth an cheoil a chur ar fáil dóibh siúd a dhéanann an oilithreacht chomh fada le Corca Dhuibhne. Mar chuid den fhéile, bíonn ceiliúradh speisialta ar ealaíon agus ceol i nGaeilge, faoi scáth Cogar.

Cogar is a celebration of creativity at the edge.

In 2025, Cogar returns with a vibrant lineup, showcasing art installations, print, video art, sound, walkabout performances, spoken word and more. The artists are creating a Domhain Eile or Otherworld at An Díseart. Expect anything from a stone clochán to an inflatable space and a harpist performing ad lib amongst the exhibition and sensory garden.

Beidh Cogar ag tarlúint ag an Díseart agus i nGáirdíní an Dísirt. Chífimid ealaín suiteála agus beidh gach rud lasta suas. Beidh gigeanna fás aon oíche chomh maith agus é ar fad curtha le chéile ag Áine Ní Chíobháin.

Cogar takes place at An Díseart and the Sensory Gardens and promises a series of arts events, light installations, happenings, and ambient live music, all curated by artist Áine Ní Chíobháin.

I 2025, tá Cogar ar ais le roghnúcháin spreagúil a léiríonn suiteáin ealaíne, fuaim, léirithe siúlóide, filíocht ó bhéal agus a thuilleadh. Tá Domhan Eile á chruthú ag na healaíontóirí sa Díseart. Bí ag súil le clochán, spás inséidte, Ad Lib ar an gcláirseach agus go leor eile sa taispeántas agus sna gáirdíní céadfacha. I measc na hamharc-ealaíontóirí beidh Rob Ireson, Cathal Holden, Julí Ní Mhaoileóin, Dallanai Mae Tanedo, Saoirse McGarry, Katherine Gibbons, agus Clara Weldon. Beidh ceol, léirithe filíochta ó bhéal agus ealaín speisialta fuaime leis ó Aroomabang (Fanzini), Rob Ireson, Gormfhlaith Ní Shuíocháin Ní Bheoláin, The Curly Organ, Louise Foxe agus Deirdre Granville.

Ní ag Cogar amháin a bheidh an Ghaeilge le clos, le plé agus le ceiliúradh ag Other Voices. Mar chuid den chlár, ag Ireland's Edge sa Skellig, reachtáilfear cainteanna agus painéil faoi thithíocht sa Ghaeltacht agus faoi staid reatha na n-ealaíon i nGaeilge.

Cogar, Dé Sathairn, 29 Samhain i nDaingean Uí Chúis.