skip to main content

Tús nua le Fonn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Joy agus Dónall, láithreoirí an chláir, Fonn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Joy agus Dónall, láithreoirí an chláir, Fonn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Labhair muid le láithreoirí an chlár Fonn, Joy Dunlop agus Dónall Mac Ruairí atá ag tosú an tseachtain seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gceol agus cultúr a cheanglaíonn muid.

Tá aithne againn ort mar chraoltóir ceoil ar an Chóisir Cheoil ar RTÉ RnaG, abair liom faoin gclár nua, Fonn, cad a bheidh le cloisteáil air?

Beidh mé féin agus mo chomh láithreoir, Joy Dunlop, ag tarraingt airde ar an cheol Gaeilge/Gaelic nua aimseartha comhaimseartha is fearr dá bhfuil ann agus is deas liom a rá go bhfuil go leor de ann!

Cad é do thuairim ar cheol na hAlban?

Shil mé riamh ó thoisigh mé a chur suime i gceol agus i gceoltóirí thraidisiúnta na hAlban go raibh siad ceann ródach agus toilteanach an tradisiún a mhúnlú agus a fhorbairt mar a d'fhóir sé daofa gan imní nó buaireamh fá dhearcadh an lucht éisteachta. Sin ráite tá an dubh mhéid den chineál sin anois ceoil le cluinstin anseo i n-Éirínn, is dóiche gur alt trad nó alt folk a bheir an dream atá a chleachtadh air.

Dónall Mac Ruairí RnaG
Dónall Mac Ruairí

An raibh mórán cur amach air agus tú ag fás aníos i nDún na nGall?

Ag éirí aníos dom i Rann Na Feiste, chuala mé iomrá ar Capercallie, agus an pobal céanna iontach bródúil as Manus Lunny atá mar bhall den ghrúpa agus gaol aige le Rann na Feirste. Is dóiche go bhfuair mé aithne níos fearr ar cheol agus ar cheoltóirí na hAlban a ó thosaigh mé ag obair le RTÉ RnaG le beagnach fiche blain ó shin.

An bhfeiceann tú go bhfuil ceangail láidir fós idir Alban agus ceantar s'agaibhse?

Bhí agus tá an ceangal millteanach láidir idir Gaeil na tíre seo agus Gaeil na hAlban. Is gaol é a théid i bhfad siar agus is dóiche go bhfuil mé ag súil go ndéanfaidh an clár seo an cheangal sin, ó thaobh an cheol úr atá a chumadh, ag ár gceoltóirí ar an dá thaobh de Shruth na Maoile a threisiú.

Beidh Joy Dunlop ag comhláithriú leat, an raibh deis agaibh mórán ama a chaitheamh i dteannta a chéile agus sibh ag taifead?

Nach iontach, agus mé ag déanamh tagairt ansin den ghaol idir Éirinn agus Albain, ní dóiche go bhfuil áit ar bith sa tír a bhfuil an cheangal sin chomh láidir agus atá sé anseo san áit a bhfuil mé i mo shuí anois, in iar thuaisceart na tíre agus is as an taobh céanna a tháinig go leor de bhunadh Joy. Ar an ábhar sin 's iomaí turas a thug sí ar an choirnéal seo agus leoga is iomaí cuairt a thug sí orainn mar cheoltóir agus mar dhamhsóir le blianta beaga anuas. Mar sin bhí aithne mheasartha agam ar Joy agus is réalt amach í ar achan dhóigh, cumasach, cliste, ceolmhar a chur ar mo chompord mé agus muid ag tabhairt aghaidh ar an chlár seo le chéile.

Tá cúlra ceoil agatsa agus ag Dónall, cén tionchar a bhíonn aige sin ar an gclár? You and Dónall have musical backgrounds. How does this influence the programme?

Mar sheinneadair, 's e cothrom mìorbhaileach a th’ ann am Fonn a lìbhrigheadh. Tha ùidh mhòr agam fhìn agus aig Dónal ann an ceòl de gach seòrsa, ach ’s fìor thoil leis an dithis againn ceòl a tha freumhaichte sa chultar dhùthchasach againn; gu h-àraidh ceòl a bhios ga thaisbeanadh ann an dòigh ùr-nòsach, adhartach. ’S e tlachd dha-rìribh a th’ ann cuid den cheòl as fheàrr leinn fhìn a chur fa chomhair an t-sluaigh agus cuideachd, a bhith ag ionnsachadh bho chàch a chèile. Cluinnidh sibh gur robh an dithis againn air ar dòigh glan!

As a singer, presenting a program like Fonn is an absolute dream. Both myseIf and Dónal have such an appreciation of all types of music, but we particularly love music that’s rooted in our own traditions; especially when it’s stretching musical boundaries. It’s an absolute pleasure to be able to introduce new audiences to our personal favourites, but also, to learn from each other. I’m sure that you’ll hear that we were having a ball!

Fonn_Joy Dunlop agus Donall Mac Ruairi

Bíonn tú in Éirinn go minic le cúrsaí craoltóireachta agus ceoil. Cad iad na cosúlachtaí idir muintir na hÉireann agus na hAlbanaigh, dár leat?

You are in Ireland often, with broadcasting and music. What do you think the similarities are between the people of Ireland and Scotland, in your opinion?

Nam bheachd-sa, chan eil diofar eadarrainn ach ar blas-cainnte! Fairichidh mi gur ann aig an taigh a tha mi nuair a bhios mi thall agus tha mi air tachairt ris an uiread de dhaoine laghach aig a bheil an aon ùidh sa chànan, chultar agus dualchas againn, le plòigh agus dibhearsain daonnan am pailteas. Gabhaidh mi gach cothrom as urrainn dhomh eòlas a chur air diofar cheàrnaidhean agus tillich mi dhachaigh an-còmhnaidh le cridhe làn, agus bodhaig bhriste!

It’s obvious to me that we are the same people, just with a different accent! I always feel at home when I’m in Ireland and I’ve met so many wonderful folk with the same appreciation for our language, music and culture but also, the love of a bit of mischief and craic. I take every chance that I can get to visit different parts of Ireland and always come away with a full heart, and a slightly broken body ;)

Tosaíonn Fonn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, 21 Samhain ag 2.05pm