skip to main content

10 years on from marriage equality: Cá bhfuil muid anois?

Seán agus David
Seán agus David

Scríobhann stiúrthóir, Seán Ó Baoill, faoina chlár nua, Glacaim Leat a bheidh le craoladh ar TG4 anocht faoi chearta an phobail LGBTQ

Nuair a rugadh mise, bhí sé i gcoinne an dlí a bheith aerach in Éirinn. Is deacair é sin a shamhlú anois agus muid ag ceiliúradh deich mbliana de chomhionannas pósta anseo in Éirinn. Tá aistear mór déanta againn mar shochaí in achar gairid, agus is ceart an dul chun cinn sin a cheiliúradh. Ach mar sin féin, is léir nach ionann comhionannas pósta agus fíor chomhionannas don phobal LADTA+ uilig.

Sin é atá i gceist leis an scannán Glacaim Leat: ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht a bhain muid amach i 2015, ómós a thabhairt dóibh siúd a throid ar ár son, agus machnamh a dhéanamh ar an áit a bhfuil muid anois, agus ar an méid atá fós le baint amach againn.

Ag croílár an scannáin tá bainis Sheáin agus David i nGaeltacht Dhún na nGall, scéal grá atá fite fuaite le haistear an phobail LADTA+ i dtreo comhionannais. Ní hamháin gur ceiliúradh é ar an ghrá atá eatarthu, ach ar an phobal a sheas leo, a gcairde, a dteaghlaigh, a gcomharsana Gaeltachta, agus muintir na hÉireann a d'oscail a gcroíthe deich mbliana ó shin agus a d’athraigh saolta an oiread daoine.

Thart timpeall orthu, buailimid le cuid de na daoine is mó a d’imir tionchar ar scéal LADTA+ na hÉireann: an Seanadóir David Norris, an gníomhaí agus cartlannaí Tonie Walsh, an gníomhaí Ailbhe Smyth, an t-iriseoir agus gníomhaí Lisa Nic an Bhreithimh, agus Ruadhán Ó Críodáin, gníomhaí agus stiúrthóir ShoutOut, cuimhníonn siad ar fad siar ar an dóigh a raibh cúrsaí san am a chuaigh thart, labhraíonn siad ar staid an lae inniu agus déanann siad a machnamh ar a bhfuil le teacht.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil an ghaoth ag athrú. Tá atmaisféar imníoch le brath go trom anois. Tá borradh tagtha ar fhreasúra i gcoinne cearta LADTA+ ar fud an domhain le roinnt blianta anuas, ó iarrachtaí sna Stáit Aontaithe agus in Ungáir cearta a chúlú, go dtí borradh forleathan fuatha agus mífhaisnéise atå ag fás go domhanda.

Tá an pobal trasinscneach faoi ionsaí leanúnach agus anseo in Éirinn féin, bíonn daoine trasinscneacha fágtha ag fanacht ar liostaí móra feithimh ar feadh blianta fada gan an tacaíocht ceart atá tuillte acu. Tá teaghlaigh LADTA+ fós gan bunchearta anseo in Éirinn, i go leor cásanna, ní luaitear ach tuismitheoir amháin ar theastas breithe an linbh, rud a chuireann páistí agus tuismitheoirí i mbaol agus i neamhchinnteacht dhlíthiúil.

Agus i measc an uile dul chun cinn, tá méadú tagtha ar ionsaithe homafóbach anseo in Éirinn. Léirigh taighde ó Choláiste na Tríonóide agus BeLonGTo anuraidh go mothaíonn 45% de dhaoine LADTA in Éirinn nach bhfuil sé sábháilte lámh a choinneáil le páirtí go poiblí.

Seán Ó Baoill

Agus mé ag tabhairt faoin togra seo, níorbh fhéidir liom gan smaoineamh ar m’óige féin, an déagóir a mhothaigh náire agus eagla. Is cuimhin liom, oíche i ndiaidh oíche, ag urnaí nach mbeinn mar seo. Bhí náire orm, agus chuir an náire sin isteach go mór ar mo mheabhairshláinte. D’fhás neamhord itheacháin as an bhrú agus as an bhféinfhuath a mhothaigh mé mar dhéagóir. Ní raibh smacht agam ar an dóigh gur chaith daoine liom, nó a dtuairimí fúm, ach bhí smacht agam ar cad a d’ith mé, nó cad nár ith mé. Ag amharc siar anois bhraith mé gafa i gcorp nach raibh mé ábalta glacadh leis.

Is beag a shíl an déagóir sin go dtiocfadh lá ann go mbeadh reifreann ann, nó go seasfadh mórchuid na tíre ar a shon agus ar son grá. Go bhféadfadh sé féin bheith sásta agus compordach ina chraiceann féin.

Agus sin an fáth gur mhothaigh mé go raibh sé tábhachtach an scannán seo a dhéanamh. Tá scéalta an phobail LADTA+ fréamhaithe i náire, in eagla, in uaigneas… ach fosta i misneach, i ndóchas agus i ngrá. Cuireann sé i gcuimhne dúinn an méid atá bainte amach, an méid a d’fhéadfaí a chailleadh, agus an méid atá fós indéanta má sheasann muid le chéile mar a rinne muid i 2015.

Is scéal grá, scéal staire agus scéal pobail é Glacaim Leat agus domsa agus go leor daoine eile is scéal pearsanta é.

Tá súil agam go dtugann an scannán seo uchtach agus misneach do dhaoine óga. Go spreagann sé muidinne mar phobal le seasamh gualainn ar ghualainn lena chéile. Go meabhraíonn sé dúinn nach bhfuil muid ag lorg a dhath ach bunchearta, cothrom na féinne, agus saol sábháilte do chách agus gur féidir sin a bhaint amach le chéile mar a rinne muid 10 mbliana ó shín.

Ba cheart go mbeadh an grá aiteach le feiceáil agus á cheiliúradh go fada fairsing.

Glacaim Leat, Dé Céadaoin 19 Samhain 9.30pm ar TG4