Labhair muid leis an údar, Darach Ó Scolaí, mar gheall ar a phicitúr leabhar nua, Sadhbh, athinsint ar Ceasacht Iníon Ghuile. Roghnaíodh an leabhar seo mar leabhar na míosa ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh sé á phlé ar An Cúinne Dána agus ar Thús Áite.
Cad a spreag tú le tabhairt faoin scéal seo a insint?
Scéal taitneamhach greannmhar é Ceasacht Iníon Ghuile, an teideal ceart atá ar an seanscéal ar a bunaíodh Sadhbh. Thart ar an mbliain 1580 a scríobhadh an leagan is fearr atá againn den scéal sin, agus ní deacair é a léamh, i ndáiríre. Ina dhiaidh sin féin, cé a léifeadh eagrán scolártha de scéal sa Nua-Ghaeilge Mhoch seachas scoláire, mac, nó iníon léinn! Mar sin, shíl mé go gcaithfí tabhairt faoi lá breá eicínt.
Scéal é atá coitainta go leor sa mbéaloideas — an cailín óg a fhaigheann an ceann is fearr ar na fir, agus, mar is iondúil sa gcineál sin scéil, tá greann ann agus déantar ceap magaidh de na fir.
Is breá liom an greann sna seanscéalta — ní hé an oiread sin seanscéala greannmhara atá ann, ach is minic go mbíonn an chuid sin den scéal ar chaint nó comhrá é an-ghar do Ghaeilge ár linne féin. Is iontu sin is mó a thagaimid ar dhaonnacht na scríbhneoirí.
Cén fáth a roghnaigh tú é a insint i bhfoirm pictiúrleabhair?
Tá sraith pictiúrleabhar do léitheoirí fásta á foilsiú againn. Ar na leabhair atá le teacht tá Liadain agus Cuirithir le Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Mise Gráinne (Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne) le Louis de Paor. Le deireanas foilsíodh Ceas an Chait, scéal nua le Labhrás Ó Finneadha agus Deirdre agus Bláthnaid liom féin.
Is é an bunsmaoineamh taobh thiar den tsraith gur scéalta gearra formhór na seanscéalta, idir 3,000 agus 7,000 an chuid is mó acu, agus gur dá bhrí sin iad a chur inár láthair i bhfoirm leabhair. Bhí sé de nós iad a charnadh i gcnuasaigh scéalta, nó a athscríobh mar scéalta do pháistí — rud nach bhfeileann i go leor cásanna.
Chun na scéalta sin a chur ar fáil mar scéalta astu féin bhraith mé go gcaithfí teacht ar fhoirmle agus ar fhormáid nua, agus bhraith mé go bhfeilfeadh pictiúrleabhar do léitheoirí fásta don ghnó. Thabharfadh sé sin deis dúinn sceal 7,000, nó mar sin, a chur faoi bhráid na léitheoirí mar leabhar álainn maisiúil.
Mar sin, bhí an tsraith ann agus, ó thaobh méid agus ábhair de, bhí Sadhbh an-fheiliúnach.Casadh an t-ealaíontóir Alé Mercado orm in Angouleme na Fraince anuraidh. Bhí a fhios agam ón tús gurb é ab fhearr don jab seo, agus tá sé ag obair ar chúpla leabhar eile dúinn faoi láthair.

An dúshlán d'údar tabhairt faoi athinsint, cad a fhágann tú ar lár, cad a athraíonn tú, srl.?
Tá sé de bhuntáiste ag an té atá ag plé le seanscéal, gur iondúil go bhfuil bunábhar maith aige.I go leor cásanna, sin é an fáth gur mhair an scéal i lámhscríbhinní.Is é an dúshlán, mar sin, céard is gá a dhéanamh leis chun go bhféadfaí é a chur ar fáil ar bhealach a bheadh taitneamhach do léitheoirí ár linne, agus é sin a dhéanamh gan é a mhilleadh. Chaithfí teacht ar réim feiliúnach teang le súil go bhféadfaí an pléisiúr ceanna a athchruthú do léitheoir an lae inniu agus a fuair an lucht éisteachta cúpla céad bliain ó shin.
Cad é do léamh ar stádas na foilsitheoireachta i nGaeilge faoi láthair?
Sílim go bhfuil na tithe foilsitheoireachta ag déanamh chomh maith is atá ar a gcumas. Tá siad ag brath ar dhíolachán níos mó ná mar a bhí roimhe seo, agus ní gá gur drochrud é sin. Ach tá mé imníoch faoi na hinstiúidí maoinithe. Tá easpa leanúnachais i gcuid acu ó thaobh foirne de le deich mbliana anuas, agus braithim nach bhfuil an tuiscint chéanna ann ar riachtanaisí na foilsitheoireachta ná ar pholasaithe a forbraíodh le glúin anuas. Tá na struchtúir lag agus is furasta iad a bhriseadh. Cuireann sé sin imní orm.
Cad é atá á léamh agat féin faoi láthair?
Tá Ó Donnabháin Rosa le Seán Ó Luing agus Le Grand Meaulnes le Alain-Fournier faoin bpiliúr agam. Tá beatháisnéis Phádraig Ui Dhuinnín díreach athléite agam — sin a thug siar ar chonair na beathaisnéise mé — agus dhá leabhar le Marcel Pagnol. Le mo thaobh freisin, tá leabhair Phádraig uí Mhaoileoin — agus fillim go minic orthu. É i gceist agam tabhairt faoin Oileánach arís tar éis na Nollag. Agus míle rud eile!
Beidh Sadhbh á phlé ar An Cúinne Dána agus Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Is féidir leat an leabhar, Sadhbh a cheannach anseo