skip to main content

'Tá muid i gcónaí ag fáiltiú roimh thallann nua'

Labhair eagarthóirí agus páirtithe leasmhara le Tús Áite faoina bhfoilseachán siúd agus torthaí shuirbhé Thús Áite faoi staid reatha na meáin Ghaeilge atá ag teacht chun solais.

Is é Cathaoirleach bhord Chomhair, Pádhraic Ó Ciardha a labhair ar son Comhar, ar Thús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt sé go bhfaigheann Comhar €80,000 ó Fhoras na Gaeilge agus go bhfuair siad €56,000 ó fhógraíocht anuraidh ach go bhfuil siad ag súil le €80,000 a thuilleamh i mbliana agus go bhfaigheann siad maoiniú beag eile ó COGG.

Dúirt Ó Ciardha go líonann an t-airgead a fhaigheann siad anois ó fhógraíocht an bhearna a fágadh nuair a laghdaíodh an maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, cé nach sin a bhí i gceist.

Tá Ó Ciardha den tuairim go bhfuil thart ar 4,000 cóip den iris á léamh ag daoine ó shíntúisoirí go múinteoirí agus mic léinn a fhaigheann cóip digiteach.

De réir an tsuirbhé atá á reachtáil ag Tús Áite i gcomhar le Coimisiún na Meán, tá ráta sástachta de 59% ag an iris chúrsaí reatha agus litríochta.

Mheabhraigh Ó Ciardha don lucht éisteachta gur iris í seo atá ar an bhfód le breis agus ceithre scór bliain agus nach bhfuil ag rith i ndiaidh léitheoirí, ach gur maith ann iad. Admhaíonn sé gur 'niche' d'fhoilseachán é a fhoilsíonn ailt mheáite agus ar uairibh, chonspóideach.

Is féidir liom do thuairim a léiriú faoi na meáin Ghaeilge anseo