Don chéad uair i bplean tithíochta an Rialtais, tugadh aitheantas don Ghaeltacht mar chás eisceachtúil i gcomhthéacs na géarchéime.
Cé gur fháiltigh Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an aitheantas seo, deir Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil na gníomhartha a bhaineann leis an nGaeilge agus an nGaeltacht, lag.
Deir De Spáinn go bhfuil an chéad chéim tógtha ag an Rialtas i dtreo aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb mhór a bhaineann le tithe a thógáil sa Ghaeltacht ach go bhfuil níos mó brú ag teastáil le cinntiú go dtarlaíonn gníomhartha.
Ag caint ar an bhfriotal a úsáidtear sa phlean maidir le tithíocht sa Ghaeltacht, dúirt sé 'níl muid sásta leis an gcineál foclaiocht...ach tá an doras oscailte anois'

Labhair Aedraen Ó Dubhghaill, urlabhraí, BÁNÚ, ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin díomá atá ar an ngrúpa nach bhfuil aon bheartas sonrach ann a rachaidh i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta atá i gceantair Ghaeltachta.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Cé gur maith ann an tagairt don Ghaeltacht sa phlean, deir Ó Dubhghaill go dteastaíonn fo-rannóg laistigh d'Údarás na Gaeltachta a rachaidh i ngleic leis na fadhbanna móra tithíochta atá ann.