skip to main content

Ceol agus Cuideachta: Scoil Cheoil an Earraigh

Tá Pádraig Ó Sé ar ais le sraith nua cheoil a taifeadadh le linn Scoil Cheoil an Earraigh 2025 i gCorca Dhuibhne.

Féile agus Scoil Cheoil is ea Scoil Cheoil an Earraigh a bhíonn ar siúl i mBaile an Fheirtéaraigh, Dún Chaoin agus ar an bhFeothanach i mí Feabhra gach bliain. Tagann ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe den chéad scoth as gach cearn den tír, agus níos faide i gcéin, chuig Scoil Cheoil an Earraigh agus níorbh aon eisceacht a bhí ann i mbliana. Beidh buaicphointí ó cheolchoirmeacha na scoile ceoil le feiceáil sa tsraith chomh maith le taifeadtaí speisialta a deineadh in áiteanna éagsúla in Iarthar Duibhneach.

Leanfar le scoth an cheoil ó cheoltóirí agus amhránaithe áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta sa dara clár. Casfaimid le Mary Bergin atá fillte ar an Scoil Cheoil arís, an uair seo i gcuideachta a seanchairde, Johnny Óg Connolly agus Pádraig Ó Dubhghaill as Conamara. Beidh Caroline Keane agus Tom Delaney linn, beirt cheoltóirí den scoth atá lonnaithe anseo i gCorca Dhuibhne. Casfaidh Cáit Ní Riain, a bhí ag cur fúithi anseo ar feadh roinnt blianta, agus an ceoltóir óg, Hannah Twomey as Sráid an Mhuilinn, ceol ar an gconsairtín dúinn. Anuas air sin go léir, casfaidh Mikey Kenney agus Owen Spafford as Learpholl agus Yorkshire Shasana, ceol ó chuid de sheanlámhscríbhinní an cheoil thraidisiúnta ina gceantair dhúchais féin.

Triúr ceoltóirí as Banna Céilí na Tulaí, atá i gCorca Dhuibhne den chéad uair, a chuirfidh tús leis an tsraith. Ar stáitse beidh Mark Donnellan, Charlie Harris agus Jim Corry. Sa chlár céanna, seinnfidh Caoimhín Ó Raghallaigh, fear atá ag teagasc go rialta ag an Scoil Ceoil ó bunaíodh é in 1995, an Hardanger Damore. Beidh a Mháthair, Máirín Uí Raghallaigh ag rince chomh maith. Cuairteoir rialta eile ar an Scoil Cheoil is ea Kathleen MacInnes agus beidh sise ar stáitse i gcuideachta an ghiotáraí Gerry O’Beirne atá ag cur faoi sa dúiche le blianta fada. Beidh na deirfiúracha Caoimhe agus Éimhear Flannery linn chomh maith agus beidh an ceoltóir óg, Michael Healy, ina gcuideachta. Buailfidh roinnt de cheoltóirí na Scoile Ceoil, Breanndán Ó Beaglaoich ina measc, isteach ag seanóirí an pharóiste, atá tagtha le chéile chun dinnéir.

Ceoltóirí Shliabh Luachra, Paudie O’Connor, a bhean Aoife Ní Chaoimh agus a n’iníon Róisín ina measc, a chuirfidh tús leis an tríú clár ar stáitse Halla na Feothanaí. Níos gaire do bhaile, i dTig Bhric ar an Riasc, beidh Pádraig i gcuideachta an tsár-amhránaí Ben Ó Loingsigh ón mbaile céanna, atá in ard a ghlóir agus é os cionn nócha bliain d’aois, bail ó Dhia air. Sa chlár céanna casfaimid leis an bpíobaire Rob Fell, atá ag cur faoi sa cheantar, agus a dheirfiúr Keira, chomh maith le Cathal Ó Curráin agus Becky Ní Éallaithe ó cheantair Ghaeltachta Chonamara agus Dhún na nGall.

Scoil Cheoil an Earraigh, Dé Domhnaigh 16ú Samhain 9.30pm ar TG4