Bhí Catherine Connolly ar a céad chuairt phoiblí ó insealbhaíodh í agus í ar cuairt go Gaelscoil Inse Chór..Bhí Fachtna Ó Drisceoil i láthair ag an ócáid don chlár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Ag labhairt le daltaí agus foireann Ghaelscoil Inse Chór, dúirt an tUachtarán gur cuireadh ina leith go raibh sí ag baint mí-úsáid as an nGaeilge ach shéan sí na líomhaintí sin ag rá gur 'buntáiste amach 's amach í an Ghaeilge'.
Dúirt sí go dtugann an Ghaeilge 'súil eile ar domhan eile' dóibh siúd a labhrann í. Luaigh sí an léamh a bhíodh ag roinnt daoine ar an nGaeilge mar 'fhadhb', seachas mar bhronntanas, mar a fheiceann sise í.

Luaigh an tUachtarán go bhfuil sé i gceist aici bliain cheiliúrtha don Ghaeilge a reachtáil le linn a tréimhse mar Uachtarán agus go mbeidh páistí na Gaelscoile páirteach ann.
Ag caint ar a tréimhse mar T.D, luaigh sí gur thug sé ardú meanman di daoine a fheiceáil lasmuigh de gheataí Dháil Éireann agus iad ag éileamh níos mó Gaelscoileanna, rud nach bhfuil an córas ag soláthar i láthair na huaire.
Cé go raibh an Ghaeilge lárnach i bhfeachtas an Uachtaráin, dúirt príomhoide na Gaelscoile gur léirigh sí go raibh níos mó i gceist ná caint feachtasaíochta agus go raibh sí ag déanamh beart de réir a briathair agus í ar cuairt go Gaelscoil mar a céad chuairt oifigiúil ina seal mar Uachtarán.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.