Léirigh Catherine Connolly a tiomantas arís don Ghaeilge ina céad óráid mar Uachtarán ar an tír nuair a labhair sí faoin bhfaitíos a scaoileadh mar gheall ar fhoghlaim na teanga.
During President Connolly's inauguration as tenth President of Ireland, she made clear her commitment to the Irish language.
Mar atá déanta ag go leor roimpi, thagair Connolly don Phiarsach a dúirt 'tír gan teanga, tír gan anam' ach chuaigh sí níos faide ná sin inniu le linn a hinsealbhaithe. Gheall sí nach mbeadh an Ghaeilge "sa chúinne á labhairt go híseal" ach mar "theanga oibre".
The Irish language was an integral part of the hugely successful campaign run by Connolly and her team and she made clear today that the language will be a working language in the Áras and not just 'spoken quietly in the corner'

Bhí an Ghaeilge mar chroílár feachtasaíochta Connolly agus ba léir go ndeachaigh a teachtaireacht faoin teanga go mór i bhfeidhm ar dhaoine. D'iarr sí ar mhuintir na hÉireann scaoileadh leis an bhfaitíos a bhí orthu faoin teanga agus ligint di bláthú.
Insealbhaíodh Uachtarán Connolly mar an deichiú huachtarán ar Éirinn inniu os comhair slua i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Luaigh sí go bhfuil cosmhuintir na tíre i dteideal seirbhísí i nGaeilge a fháil ón stáit agus gur cheart go mbeadh tuilleadh tacaíochta ann dóibh.
"Éistimis leo siúd ar fad nach bhfuil uathu ach aitheantas a bheith tugtha dóibh mar Ghaeilgeoirí ina dtír féin agus in ómós dóibh agus dúinne, Gaeilgeoirí, Gaeil agus lucht foghlama na Gaeilge.
President Connolly referenced the lack of services that Irish speakers have with the state and that they should have more. She encouraged the Irish people to let go of the fear around the Irish language and to let it blossom.