Labhair eagarthóirí agus páirtithe leasmhara le Tús Áite faoina bhfoilseachán siúd agus torthaí shuirbhé Thús Áite faoi staid reatha na meáin Ghaeilge atá ag teacht chun solais.
Is féidir liom do thuairim a léiriú faoi na meáin Ghaeilge anseo
Tá tuarascáil faoin athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge le cur faoi bhráid Choimisiún na Meán an mhí seo tá Tús Áite ag tabhairt deis dá n-éisteoirí a dtuairimi fhéin a nochtadh faoi na meáin Ghaeilge.
Labhair Caoimhín Ó Cadhla atá i bhfeighil ar An Páipéar faoi na deiseanna atá tagtha chun cinn maidir le fógraíocht i nGaeilge, miondeontais, chomh maith leis an tacaíocht a fuair An Páipéar ó 'ghluaiseacht na Gaeilge'. Ag caint ar líon na nuachtán a dhíoltar, deir Ó Cadhla go ndíoltar tuairim is míle cóip in aghaidh na seachtaine. Ag eascairt as torthaí an tsuirbhé go dtí seo, dúirt Ó Cadhla go raibh sé ag súil go mbeadh aiseolas níos dearfaí ann ach mheabhraigh sé gur foilseachán nua é An Páipéar agus go bhfuil sé á thógáil 'de réir a chéile'.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dúirt Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life, stáisiún raidió pobail atá á bhunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge atá ar an bhfód le breis agus tríocha bliain. Faightear maoiniú freisin ó Choimisiún na Meán agus deir Ó Fiannachta go bhfuil rudaí athraithe ó bhonn maidir le fógraíocht toisc an reachtaíocht a chiallaíonn go gcaithfidh comhlachtaí poiblí 20% den bhuiséad atá acu ar fhógraíocht i nGaeilge agus 5% de na fógraí sin a bheith sna meáin Ghaeilge. Mar gheall ar an airgead breise seo, cuireadh €300,000 sa bhreis i bpota airgid Raidió na Life.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Faigheann Tuairisc.ie maoiniú €330,000 ó Fhoras na Gaeilge agus ní raibh an t-eagarthóir, Seán Tadhg Ó Gairbhí in ann an méid a fhaigheann an foilseachán sin ó fhógraíocht a roinnt ar an aer. Deir sé, áfach, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an airgead a thagann isteach de dheasca na reachtaíochta seo. Tugann an t-airgead breise seo saoirse don fhoilseachán a bheith ag pleanáil chun cinn mar go raibh siad buartha go rachaidís go tóin poill go minic sular tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta, deir Ó Gairbhí go bhfuil na meáin chlóite Ghaeilge fós in áit na leathphingine agus go dteastaíonn athrú meoin iomlán maidir le maoiniú ón stáit ina leith.

Labhair Conor Torbóid, Eagarthóir Nós.ie atá ar an bhfód ón mbliain 2008 faoin iris atá ag díriú ar an aos óg, don chuid is mó. Faigheann Nós €64,000 sa bhliain ó Fhoras na Gaeilge a mhaoiníonn post an eagarthóra, an suíomh gréasáin a chothú agus foireann saoririseoirí. Faigheann Nós suas go €20,000 ó fhógraíocht le bliain anuas. Faigheann siad maoiniú eile d'fhíseán ón Ciste Craoltóireachta ó thuaidh. Bhíodh iris chlóite ann ach is ar líne amháin atá siad faoi láthair.
Is féidir leat do thuairim a léiriú faoi na meáin Ghaeilge anseo.