skip to main content

Trí Shúile an Chait: Ar an Bóthar 's Buile Bhóthair

Scríobhann ár gcolúnaí anaithnid faoi na turais éagsúla bhíonn ag tuismitheoir. Ó thuras pearsanta go turais sa charr, tá go leor bóithre gan chasadh ag an An Cat 's a Cóisir

Nuair a chonaic mé an rabhadh dearg ar m'fhéilire ‘Briseadh Meántéarma’, bhí a fhios agam go raibh plean aicsin ag teastáil mar go mbeadh madra an tí as baile ag obair don tseachtain, agus go mbeadh ormsa feidhmiú mar ‘Alpha Tuiste’ liom féin. Le blianta beaga anuas, is minic a bhíonn stoirm mhór le gálaí agus báistí ann, seachtain Oíche Shamhna (tá’s againn ar fad cén fáth ach sin scéal imníoch do lá éigin eile) agus ní hé lá na báistí lá na bpáiste, nó na tuismitheoirí! An bhfuil aon rud níos measa ná a bheith sáite istigh ar feadh seachtaine toisc droch-aimsir le cóisir óg? Ní a dhuine, creid uaim é.

Bhí go leor de mo chairde sa bhád céanna. Saoire bhliantúil tógtha ag tuismitheoir amháin, páistí óga acu. Ní neart gur chur le chéile agus rith smaoineamh liom chun meitheal meántéarma a chruthú. Chuaigh mé i dteagmháil le cairde le leanaí ar chomhaois le mo chuidse fud fad na tíre chun camchuairt a eagrú. Bheadh na daoine óga in ann a bheith ag imirt le chéile, agus na tuismitheoirí in ann comhráití nach mbaineann le Bluey a bheith acu. Plean den scoth. Bhí na piscíní ar bís, ‘Saoire, wahú!’. Ba dheacair dom samhlú gur ‘saoire’ a bheadh ann domsa ach ar a laghad bheadh leathbhádóirí agam.

Ag tabhairt faoin dturas sa charr le mo gheang, rith sé liom go bhfuil scrúdú tiomána breise laethúil le déanamh ag tuismitheoirí agus dualgais breise sa charr acu ar nós:

  1. Sneaiceanna a dháileadh le lámh amháin ag síneadh siar agus an lámh eile ar an roth stiúrtha.
  2. Díriú ar threoracha agus an raidió agus dhá ghléas scéalaíochta ar siúl sa chúl.
  3. Díospóireacht a réiteach ar chúl an chairr agus tú ag lorg spás páirceála.
  4. Idirbheartaíocht a dhéanamh le paisinéir crosta ag baint an crios sábháilteachta díbh fad is atá tú ag tiomáint ar mhótar-bhealach.
  5. Ag páirceáil agus paisinéirí ag cur ceisteanna gan staid nó ag troid.
  6. Ag tarraingt isteach go sábháilte ar thaobh an bhóthair gan mórán foláireamh do chúram leithris nó tinnis obann!

Is cinnte nach mór duit a bheith i d’ochtapas agus tú ag tiomáint le paisinéirí óga agus mise á rá leat go bhfuil mo ‘M(am) plates’ agamsa tar éis an turas bhóthair seo a rinneamar le déanaí.

Roimh an bhóthair a bhualadh, dar ndóigh líonadh an gluaisteán leis na nithe eisintiúla, dar le daoine beag, ina measc:

23,000 teidí (ní fhéadfaí cara a fhágáil sa bhaile leo féin!), tograí Lego leath-chríochnaithe nach mairfeadh an turas gan dabht (agus iomair na haimléise dá bharr!), sneaiceanna, tuilleadh sneaiceanna, dhá ghléas éagsúil chun scéalta a sheinnim, piliúir agus blaincéid ón mbaile chun a bheith ‘cózaí cóz teolaí teo’ le linn an turais. Ba gheall le lucht ‘National Lampoon’ muid agus muid ag bualadh bóthair.

Ní raibh ach cúpla ciliméadar déanta againn ar droch-bhóthair cúng, nuair a thiomáin tiománaí agus deifir aisteach air boinéad a charr srón le sceithphíopa mo charrsa. Mar nod eile dom tiomáint níos tapúla, las sé agus mhúch sé a lampaí móra, chun nod a thabhairt dom tiomáint níos tapúla agus deifir a dhéanamh. Bhí an luas teorainn sroichte agam, agus an líne mór bán i lár an bhóthair ag cur méadar mire mo dhuine taobh thiar dom thar a líne dearg feirge. Bhí mé ag déileáil le buile bhóthair i mo charr féin freisin agus beirt ag troid faoin gcíste ríse deireadh freisin, mar sin bhí dóthain ar bun agam, gan a bheith ag tabhairt ard ar an mbrú ón gcarr eile.

Is ansin a tháinig an ‘Bíííp’ mór, feargach fada.

‘Ahhhhh’ a bhéic an duine is óige. ‘AHhhhh, ró-loud’

Bíp feargach eile.

‘Hey, níl cead bíp a dhéanamh sure níl?’ arsa an té is sine.

‘Níl, ach amháin nuair atá dainséar ann…’ arsa Mise, agus an brú fola ag eirí.

‘An bhfuil an carr sin dainséarach mar sin?’ ar sé. Ní raibh deis agam freagairt mar tháinig

bíp mór eile gan chríoch ansin agus an tiománaí ag tapú an deis an líne bán briste arís chun scoitheadh tharam le spadhar feirge. Níor chaill sé an deis a racht a roinnt linn leis an mbíp fadálach agus níor dhearmad sé colgfhéachaint drámatúil a thabhairt domsa ar an tslí ach an oiread.

Maith dom é, ach bhí orm gáire a dhéanamh nuair a chas mé an chúinne agus scuaine mór tráchta ann de bharr timpiste bhóthair agus ár gcara ag feitheamh ann, ar nós muidne. Nach mór an dul chun cinn a bhí déanta aige lena bhípeanna?

‘Sin Danger Car arís a Mham’ arsa piscín beag glic liom.

Bhí an cuma ar an scéal nach mbeadh ‘Danger Car’ ná muidne ag dul áit ar bith ar feadh tamall fada agus mhúch mé an charr. Agus gan dabht, is ansin, agus muid sáinithe, a d’fhógair an té is óige go raibh gá leis an bpota STAT. Nach ait nach mbíonn aon fholáireamh go dtí gur cás práinneach atá ann?

‘Anois a mham’ ar sé agus é ag baint a chrios agus ag fáil faoi réir. Bhí pota sa bhúit. Amach liom.

Anois, má osclaíonn tú búit mo chairr ar ghnáth lá, seans go dtitfidh 300 mála siopadóireachta, mála lán le cannaí agus buidéal le hathchúrsáil, mála éadaí le tabhairt chuig an siopa carthanachta, cúpla scútar, craicir, agus 20 úll leath-ite (ba dhóigh leat gur capaill atáim ag tógáil leis an méid úlla a itheann siad!) amach. Ach ar an lá seo, ba mheasa ar fad an scéal le maidhm smionagair de philiúir, teidithe, bruscar, bréagáin, clogaid, rothair, málaí codlata, tochtanna taistil ag titim amach agus mise ar thóir an pota beag. Agus mé ag cur an duine is óige ar an bpota, thapaigh an duine is sine an deis suí isteach sa suíochán tiomána agus é ag baint an-taitneamh as an fhuinneog a chur suas agus síos, ach ansin, thapaigh sé a dheis chun an Bíp a bhrú é féin, cúig uair as a chéile.

‘Stop sin’ arsa mise ón bportaloo sa bhackseat agus gnó an phota críochnaithe ag an leaidín beag. Ach bhí sé ró-dhéanach. Chonaic mé doras an chairr romhainn ag oscailt. Ná habair é! Ár gcara crosta ag siúl inár dtreo agus é imithe le buille.

‘HEY!’ a bhéic sé. Ní fhaca sé gur tiománaí beag a bhí sa suíochán ag bípeáil air.

‘HEY!’ bagarthach eile.

‘Hi Dangerman’ arsa duine is sine ag beannú amach an fhuinneog oscailte. Shín sé méar beag amháin cúiseach amach ina threo, ‘YOU gave us a very BIG BAD SCARY BEEP!’. Bhrúigh sé an bíp arís chun a phointe a dhéanamh arís. Las aghaidh mo dhuine. Las m’aghaidh féin agus pota beag agus rolla páipéar leithris i mo lámh agam. D’aithin sé an carr. D’aithin sé go raibh mé féin faoi bhrú freisin.

‘Eh…sorry about that’ arsa fear an bhíp le mo thiománaí beag. Chas sé, sheachain sé mo shúile agus ar ais go dtí a charr leis agus an t-aer scaoilte óna rotha feirge. Tá sé níos éasca a bheith crosta i mbosca beag is dócha, gan radharc súile agat ar an té a chuireann dhubh ort, ach creid uaimse é go gcuireann leanaí ar ais i do bhosca thú go héasca agus go minic.

B’fhiú an chamchuairt agus cuimhní deasa le cairde a rinneamar, ach, tar éis seachtain iomlán ar an mbóthar leo, tá seans go bhfuil NCT (Nap-Chúinne Tuismitheora) ag teastáil.

Le gach dea-rún

An Cat ‘s a Cóisir