skip to main content

Scéim Forbartha do Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta seolta

Tá an scéim eisiach nua á rith ag TG4 le tacaíocht ó Ghréasán na Meán Skillnet agus ó Ealaín na Gaeltachta chun scríbhneoirí Gaeltachta a spreagadh agus a fhorbairt le bheith ag scríobh don scáileán.

Tá an scéim seo dírithe ach go háirithe ar scríbhneoirí, drámadóirí, filí agus scríbhneoirí eile i gceantair Ghaeltachta atá ag plé cheana féin leis na taibhealaíona agus ealaíona Gaeltachta chun iad a ghríosadh chun na meáin.

Reáchtálfar an scéim in 2026 thar cúpla mí. Beidh ceardlanna, tacaíocht mheantóireachta, aoichainteoirí, deiseanna pitseála agus deiseanna cur isteach ar scéimeanna forbartha gearrscannán TG4 ar fáil mar chuid den scéim. Is é Greg Ó Braonáin a bheidh ina stiúrthóir ar an gcúrsa.

Tabharfaidh an cúrsa taithí phraiticiúil do na rannpháirtithe ar na gnéithe go léir a bhaineann le bheith ag scríobh don scáileán ó chumadh scéalta agus forbairt carachtar go struchtúr agus scríobh scripte. Tuigfidh siad na gnéithe atá ag teastáil chun scéal a fhorbairt don scáileán agus beidh script ghearr á scríobh acu don scáileán.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí, filí, scéalaithe agus drámadóirí Gaeltachta a bhfuil suim acu foghlaim faoi a bheith ag scríobh don scáileán.

Chun cur isteach ar an scéim, seol iarratas, ina bhfuil blúire eolais fút féin, mar aon le sampla d'ábhar atá scríofa cheana agat (mar shampla - dráma, lúibín, nó agallamh beirte nó píosa próis nó filíochta).

Deirdre Ni Choistin Ard-Stiurthoir DG TG4
Deirdre Ní Choistín, Ardstiúrthóir TG4

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:"Tá sé mar sprioc ag TG4 leis an scéim seo deiseanna nua a chruthú do phobal na Gaeltachta agus scríbhneoirí Gaeltachta. Cé go bhfuil cáil idirnáisiúnta ar scannáin agus ar dhrámaíocht TG4 agus cé go bhfuil scéimeanna forbartha ag TG4 cheana féin, tá pobal ealaíontóirí agus scríbhneoirí sna ceantair Ghaeltachta atá ag plé le drámaíocht stáitse agus scríbhneoireacht eile nach bhfuil ag obair linn, nó nach bhfuil taithí acu sa réimse seo chun iarratas a dhéanamh. Is mian linn leis an scéim nua seo, atá dírithe go sonrach ar scríbhneoirí a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu agus atá fréamhaithe i bpobail Ghaeltachta, suim a spreagadh sna meáin, sa scríobh don scáileán agus sna deiseanna cruthaitheacha atá ar fáil dóibh le TG4."

Dúirt Rachel Holstead ó Ealaín na Gaeltachta: "Táimid an-sásta a bheith ag comhoibriú le TG4 ar an togra seo agus iad ag cur an deis forbartha nua seo ar fáil d’ealaíontóirí Gaeltachta."

Dúirt Maria Griffin ó Ghréasán na Meán Skillnet "Tá ríméad orainn a bheith ag obair i gcomhar le TG4 ar an gclár oiliúna seo do scríbhneoirí scripte. Is cuid bhunúsach dár misean é tacú le forbairt na scéalaíochta Gaeilge, agus tugann an cúrsa seo deis ar leith do scríbhneoirí scripte a bheith ag foghlaim na ceirde ó roinnt de na daoine is mó a bhfuil meas orthu sa tionscal. Tá mórtas orainn a bheith páirteach sa tionscnamh tábhachtach seo, a mbeidh príomhról aige i múnlú na scríbhneoireachta scripte Gaeilge."