Labhair muid le Sadhbh Devlin, údar An Fia sa Choill atá ainmnithe i gcatagóir Children's Book of the Year (Junior) ag An Post Book of the Year Awards.
Deir Devlin go bhfuil sí sna flaithis go bhfuil a leabhar ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo agus gur seo an chéad leabhar i nGaeilge a fuair ainmniúchán lasmuigh den chatagóir Gaeilge.
Tá Sadhbh ag scríobh leabhar le blianta agus spéis mhór aici i dtimpeallacht na leabhar in Éirinn, mór le cuid mhór scríbhneoirí agus ag caitheamh vótaí ar a son le fada an lá. Deir sí gur ghlac sí leis, áfach, nach mbeadh hainm féin, nó aon leabhar Gaeilge le feiceáil sna mhórchatagóirí mar gur sin an nós a bhí ann. Aithníonn Devlin go bhfaca go leor daoine na leabhair Ghaeilge mar leabhar a bhí 'éagsúil' agus nach raibh spás ann dóibh seachas ina gcatagóir fein ach, tá sin ag athrú.
Tá leabhar Gaeilge do pháistí i nach mór teach sa tír seo, fiú mura bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, bíonn tuismitheoirí ag iarraidh an Ghaeilge a bheith ag an gcéad ghlúin eile.
Tchítear don údar go bhfuil an obair mhór atá déanta ag leithéidí LoveLeabharGaeilge, Foras na Gaeilge, foilsitheoirí na Gaeilge agus na húdair féin le feiceáil sna leabhair áille atá ar an margadh anois agus an spéis mhór atá léitheoirí iontu.
D'oibrigh Sadhbh leis an maisitheoir Úcráineach, Anastasia Melnykova ar an saothar seo a chur i dtoll a chéile. Tháinigh Melnykova go hÉirinn ag tús an chogaidh agus tá sí ag cur aithne ar chultúr na hÉireann ó shin. Mar chuid den phróiséas cruthaitheach sin, thug an maisitheoir cuairt ar Mhúsaem na hÉireann le go dtuigfeadh sí an ré Fhinn agus Shadhbh.

Thug Sadhbh faoin scéal cailiúil seo faoi Fhionn Mac Cumhaill toisc go raibh an scéal tábhachtach di féin agus í ag fás aníos le hainm a bhí neamhchoitianta go maith ag an am. Ní raibh an t-ainm cloiste ag mórán daoine ar chor ar bith sna 80í agus bhí mé in ann daoine a threorú i dtreo an scéal miotaseolaíochta seo nuair a fiafraíodh dom faoi.
Rinne Devlin iarracht feoil a chur ar chnámhna an scéil, ag díriú ar an gcarachtar Sadhbh féin, mar gur aithin sí go raibh féiniúlacht Shadhbh in easnamh, seachas cur síos ar an gcuma atá uirthi. Tá Sadhbh anois oilte ar luibheanna, tá guth binn aici agus tá scil aici sa scéalaíocht, freisin. 'Bhí mé ag iarraidh tréithe a thabhairt di chun go mbeadh sí ina duine iomlán.', a deir sí.
Is féidir leat vóta a chaitheamh do An Fia sa Choill anseo.
Is féidir leat an leabhar, An Fia sa Choill a cheannach anseo
Fógrófar na buaiteoirí Déardaoin, 27 Samhain i mBaile Átha Cliath. Cuirfidh Oliver Callan clár teilifíse speisialta i láthair a chraolfar ar an 11 Nollaig.