skip to main content

Éire ag tabhairt aghaidh ar an Nua-Shéalainn le muinín nua

Stuart McCloskey
Stuart McCloskey

Scríobhann Cian Ó Griallais faoin gcluiche mór atá roimh fhoireann rugbaí na hÉireann i gcoinne na Nua-Shéalainn in Chicago anocht.

Is fada an t-achar ama é 9 mbliana. I scéal rugbaí na tíre seo, ba lá stairiúil é an 5ú lá Samhain 2016. Tar éis 28 gcluiche i gcoinne na Nua-Shéalainne, thar thréimhse 111 bliain, bhí foireann rugbaí na tíre fós sa tóir ar bhua i gcoinne ceann de na foirne ba rathúla sa spórt.

Bhí an Nua-Shéalainn ag an am ag teacht isteach sa gcluiche le 18 mbua i ndiaidh a chéile agus bhí an dá chorn an domhain dheireanacha buaite acu.

An bhliain chéanna sa mbaile bhí cúrsaí thuas seal thíos seal d'fhoirne na tíre. Chríochnaigh Éire sa tríú háit i gCraobh na 6 Náisiún. Níor éirigh le haon fhoireann ón oileán dul chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais i gcorn na hEorpa, ach bhuaigh Cúige Connacht an corn Pro12 ag fáil an ceann is fearr ar Chúige Laighean i nDún Éideann.

É sin ar fad ráite chuaigh an dá fhoireann chun páirce an lá sin agus ba léir go raibh rud speisialta i ndán d’fhoireann na hÉireann. Nuair a chuir fir na Nua-Shéalainne tús leis an haka, sheas foireann na hÉireann i bhfigiúr '8’ i gcuimhne ar Anthony Foley a chailleadh mí roimhe sin. Cé gur ghéill siad úd luath bhí na hÉireannaigh chun cinn ag leath ama. Thosaíodar an dara leath go láidir freisin ach bhí teach aniar le teacht. Le ceathrú uaire fágtha ní raibh an Nua-Shéalainn ach 4 phointe ar chúl.

Tá mé cinnte go raibh go leor den lucht féachana sa mbaile agus i Chicago, agus b'fhéidir roinnt ar an bpáirc, ag smaoineamh siar ar an lá san Aviva trí bliana roimhe sin nuair a theip ar bhuachaillí na hÉireann go tragóideach leis an ngluaiseacht dheireanach don chluiche. Níor ghéill fir na hÉireann an lá sin i Chicago áfach. D’éirigh le Robbie Henshaw úd a aimsiú chun stair nua a scríobh.

Agus ó shin tá stair nua scríofa cinnte. Sna 9 mbliana ón lá sin tá an ceann is fearr faighte ag foireann na hÉireann 4 uaire eile, péire as baile chun sraith chluichí a bhuachan ó dheas san áireamh. É sin ráite, dar le go leor, níor éirigh le buachaillí na hÉireann an bua a fháil ag an am ba thábhachtaí; ag Craobh an Domhain. Mar sin cá seasann muid anois agus súile dírithe ar Chicago arís ar an Satharn?


Bíonn na cluichí sa bhfómhar i gcónaí deacair a thomhais de bharr go mbíonn foirne na leathchruinne seo ag cur tús le séasúr nua agus foirne an deiscirt ag teacht ag deireadh a séasúir.

B'fhiú a choinneáil san áireamh chomh maith go raibh 18 ón tír seo mar chuid d’fhoireann an Leon a bhí rathúil san Astráil i rith an tsamhraidh. Mar sin níl mórán imrithe acu le roinnt seachtaine anuas. An mbeidh siad ag barr a gcumais?

30 October 2025; Head coach Andy Farrell during an Ireland Rugby media conference at The Peninsula Hotel in Chicago, USA. Photo by Ramsey Cardy/Sportsfile
Andy Farrell


Filleann Andy Farrell ag an mbosca cóitseála tar éis an tséasúir seo caite a chaitheamh i gceannas ar na Leoin. Is iomaí ceist atá le freagairt aige áfach. An ceann ba mhó ná geansaí uimhir 10. An bhliain seo caite ba é Sam Prendergast an chéad rogha don gheansaí sin ach i mbliana tá Jack Crowley tar éis a bheith iontach do Chúige Mumhan, i mbua mór i gcoinne Prendergast agus Cúige Laighean san áireamh. Is é Crowley a bheidh ag tosú ar an Satharn agus caithfear a rá go bhfuil sé tuilte aige.


Síltear gurb í an mhórsprioc a bheadh ag Farrell go fadtéarmach ná cluiche leathcheannais a bhaint amach ag Craobh an Domhain san Astráil. Caithfear mar sin seans agus taithí a thabhairt do imreoirí óga le go mbeidís réitithe chun imirt i gcoinne na foirne ba láidre.

Taobh amuigh de Tommy O’Brien ar an cliathán agus Stuart McCloskey tá taithí ag foireann na
hÉireann ar an scrúdú a bheidh rompu. Mar sin, ag breathnú ar an bhfoireann atá roghnaithe is léir go bhfuil leathshiúl fós ag Farrell ar bhuanna a aimsiú an séasúr seo. An féidir an dá rud a dhéanamh? Beidh le feiceáil.


Tá an Nua-Shéalainn iad féin in áit mhaith. Sa dara háit a raibh siad ag Craobh an Domhain, bhris siad croíthe na hÉireann sa gcluiche ceathrú ceannais agus fuair an Aifric Theas an ceann is fearr orthu sa gcluiche ceannais. Chomh maith leis sin ní raibh ach difríocht scórála idir iad agus bua sa ‘Rugby Championship’ i mbliana. Arís ba iad an Aifric Theas a sheas idir iad agus barr an tábla.


Beidh Jordi Barret ag caitheamh an gheansaí dhuibh ar an Satharn tar éis dó gorm a chaitheamh don dara cuid den séasúr seo caite. Beidh aithne níos fearr aige ar an mórchuid d’fhoireann na hÉireann agus is scéal eile é sin a chuireann leis an gcluiche seo.

Céard is féidir a rá mar sin? 9 mbliain ó shin ní lúb ar lár dúinn é bua i gcoinne na Nua-Shéalainne agus ní bheidh ann i mbliana ach céim eile chun cinn don fhoireann. Seans nach iad an Nua-Shéalainn an fhoireann ba láidre ar domhan ach caithfear gach deis a thapú na foirne ó dheas a bhualadh.

Tá Éire ag tabhairt faoin gcluiche seo le muinín nach raibh ann 9 mbliana ó shin agus is comhartha é sin go bhfuil cúrsaí ag dul sa treo ceart. Le cluichí móra eile ag teacht aníos cinnte is seans atá ann taithí a fháil agus seans, faoi cheann dhá bhliain, beidh muid in ann breathnú siar ag an gcluiche seo i Chicago mar chluiche a leag a bhunchloch go rudaí níos mó

Lean blag beo den chluiche idir Éirinn agus An Nua-Shéalainn anocht ag 8.10 ar an RTÉ News App agus ar rte.ie/sport.