skip to main content

RTÉ RnaG ag ceiliúradh a ngradam ag Oireachtas na Samhna

Sinéad Crowley, Coimisiún na Meán agus Fachtna Ó Driscoeoil.
Sinéad Crowley, Coimisiún na Meán agus Fachtna Ó Driscoeoil.

Bronnadh trí ghradam ar chraoltóirí RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i Halla Uladh i mBéal Feirste aréir ag Oireachtas na Samhna.

Bronnadh Pearsa Raidió na Bliana 2025 ar Dhónall Mac Ruairí, a chuireann Cóisir Cheoil i láthair, agus a thugann lón anama d'éisteoirí lena rogha fhairsing ceoil gach seachtain.

Bronnadh Sraith Raidió na Bliana ar Tús Áite, clár cúrsaí reatha an tráthnóna curtha i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil, a dhéanann plé agus anailís ar scéalta móra nuachta an lae.

Bronnadh an gradam Iriseoir na Bliana ar Chuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar son a chuid tuairisciú agus anailís ar scéalta móra nuachta agus polaitíochta na bliana seo.

Dónall Mac Ruairí RnaG
Dónall Mac Ruairí RnaG

Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar chraoltóireacht a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla sna meáin le dhá mhí dhéag anuas.