Labhair Uachtarán nua-thofa na hÉireann, Catherine Connolly, beo as Oireachtas na Samhna ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ RnaG, faoin méid a bhfuil sí ag súil le baint amach le linn a tréimhse oifige.
Ag caint ar an tréimhse feachtasaíochta atá díreach curtha di, deir Connolly nach raibh am aici breathnú ar na figiúirí stairiúla vótála ach go bhfuil sí ag dul i dtaithí ar fhoireann slándála a bheith timpeall uirthi anois. D'admhaigh sí go raibh sí drogallach ag cur a hainm ar aghaidh don ról ag an tús ach nach raibh amhras ar bith uirthi agus í i mbun feachtais a bhí 'dian'.
Tá taithí na mblianta ag Catherine le polaitíocht agus na meáin agus deir sí nach raibh aon fhadhb aici na ceisteanna crua a cuireadh uirthi a fhreagairt ach go raibh an tuairim ag cuid dá foireann go raibh cuid de na scéalta 'nimhneach'.
D'aithin sí, áfach go raibh insint cuid de na scéalta a tháinig amach, nó an 'narrative' mar a thug sí féin air, diúltach ach raibh sí in ann dul i ngleic leo. 'Creidim mise sna rudaí a labhraím faoi', ag tagairt dá luachanna, dúirt sí 'níl mé chun athrú'.

Ag trácht ar na daoine ar chas sí leo agus í ag taisteal fud fad na tíre don fheachtas deir sí thug sí faoi deara go bhfuil cineáltas agus ionracas in muintir na hÉireann agus go raibh luachanna á lorg acu agus dóchas ag teastáil go géar uatha san Uachtarán. Deir sí gur fheidhmigh sí mar chluas éisteachta thar rud ar bith eile dóibh.
Ag labhair faoi thábhacht na Gaeilge san Áras, deir Catherine go ndeachaigh sí chomh fada le hOireachtas na Samhna toisc go mbíonn sí ann i gcónaí. Anuas air sin, deir sí gur aithin sí bearna ollmhór an aisfhreagra ar an talamh agus an méid a bhí á rá le tráchtairí, an Ghaeilge san áireamh.
In ainneoin na ndeacrachtaí a bhaineann leis an nGaeilge, tá Catherine dóchasach go mbeidh sí in ann an Ghaeilge a úsáid mar theanga oibre san Áras. 'Déanfaidh mé mo dhícheall an Ghaeilge a tharraingt isteach ón imeall agus í a úsáid'.
Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9