skip to main content

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

Síomha Ní Ruairc
Síomha Ní Ruairc

D'fhógair An tOireachtas Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 ag Searmanas Bronnta i Halla na Cathrach, Béal Feirste.

Cuireadh na múrtha fáilte roimh Uachtarán Tofa na hÉireann, Catherine Connolly, agus a céile Brian McEnery, aíonna speisialta na hoíche. Is é Aire Forbartha, Tuaithe, agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary T.D. a bhronn Gradaim Chumarsáide 2025.

Is Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) Scáileán Thuaisceart Éireann a bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana. Is í Katelyn Hayes (Nuacht Cúla4) a fógraíodh mar Réalta Óg na Bliana, an t-aon ghradam amháin a bhronntar ar bhonn vóta poiblí.

Bronnadh Gradam Speisialta ar Raidió Fáilte chun aitheantas a thabhairt don saothar ollmhór a bhí churtha i gcrích acu le 40 bliain ag freastal ar phobal Gaeilge Bhéal Feirste.

"Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí ar fad a bhain gradam amach anocht", a dúirt Uachtarán an Oireachtais, Eamon Ó Cuív. "Tá éacht á dhéanamh ag earnáil na meán cumarsáide Gaeilge sa bhfreastal a dhéanann siad orainn le léiriúcháin bhreátha, scoth na gclár siamsaíochta chomh maith le seirbhís nuachta agus cúrsaí reathaí ar ardchaighdeán. Tréaslaím le gach duine a fuair Gradam Cumarsáide anocht agus guím gach rath ar na craoltóirí, na stáisiúin, na hiriseoirí, na colúnaithe agus na daoine cruthaitheacha eile atá ag obair san earnáil i gcaitheamh na bliana amach romhainn".

GRADAM SPEISIALTA

Raidió Fáilte

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA

Scoil Choille, Corcra Media

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA

Ruaille Buaille, Highland Raidió

IRISEOIR NA BLIANA

Cuan Ó Seireadán, RTÉ

Cuan Ó Seireadán, RTÉ

CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

Níl aon Tinteán, Clean Slate Productions

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA

Dónall Mac Ruairí, RTÉ Raidió na Gaeltachta

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Crá, Fibín

COLÚNAÍ NA BLIANA

Bridget Breathnach, Tuairisc.ie

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

Tús Áite, RTÉ Raidió na Gaeltachta

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA

Síomha Ní Ruairc

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL

An Áit a nÓlann an tUan an Bainne, Raidió Pobail Chonamara

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA

Liam Mac Amhlaigh, Raidió na Life

Dónall Ó hÉalaí, Crá

SCANNÁN NA BLIANA

Aontas, Púca Pictures

RÉALTA ÓG NA BLIANA

Katelyn Hayes, Nuacht Cúla4

BUAICGHRADAM CUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2025

An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann