Roghnaíodh an cnuasach filíochta, Aibítear Aoise le Celia de Fréine mar leabhar na míosa ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Beidh an leabhar á phlé sa Chúinne Dána, RTÉ RnaG, Déardaoin ag 2 05pm.
Labhair muid leis an bhfile faoin gcnuasach cumhachtach seo.
1.Athchló é an leabhar Aibítear Aoise, cad a spreag tú leis an leabhar a chur amach arís?
Foilsíodh an chéad eagrán de Aibítir Aoise in 2011. Bhí an-éileamh air agus, ar iarratas an foilsitheora, Arlen House, d'fhill mé ar an mbuntéacs, bhain mé roinnt dánta amach, chuir mé dánta nua isteach agus chas mé ord na ndánta thart le go mbeadh béim ar ord na haibítre. Anuas air sin, d’fhorbair mé na heipeagrafanna a thagann roimh na dánta le roinnt eolas cúlra a thabhairt faoina bhfuil faoi chaibidil iontu.
2. Tá Aibítear Aoise bunaithe ar sheánra Polainneach, cad a thug ort tabhairt faoi sin?
Tamall de bhlianta ó shin léigh mé leabhar aibítre le Czeslaw Milosz agus thaitin an coincheap liom. Go hiondúil is i bhfoirm phróis a scríobhtar a leithéid de leabhar. Míreanna dírbheathaisnéiseacha, mar aon le cur síos orthu siúd a bhfuil clú agus cáil baint amach acu, a bhíonn le fáil ann. Ag an am bhí dánta idir lámha agam a bhí bunaithe ar fhíorscéalta agus bheartaigh mé an seánra a athchóiriú i bhfoirm fhileata leis na scéalta sin, agus tuilleadh, a phlé.
3. Scríbhneoir ilchineálach thú le fada an lá, an bhfuil cúiseanna ann go roghnaíonn tú foirmle amháin thar cheann eile agus tú i mbun pinn?
Sílim gurb é an t-ábhar a roghnaíonn an fhoirm ina scríobhtar é. Is file agus drámadóir go príomha mé ach le deireanaí tá beathaisnéis agus dhá úrscéal curtha i gcló agam. Sin ráite, thosaigh an bheathaisnéis, faoi Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, amach mar dhráma agus lean an leabhar mar thoradh ar thuilleadh taighde a rinne mé. Uaireanta fillim ar ghearrdhráma agus déanaim gearrscéal de. Sna cásanna sin bíonn iniúchadh agus forbairt i gceist.
4. Cad atá á léamh agat féin i láthair na huaire?
Tá mé ag breathnú ar choincheap na beathaisnéise agus staidéar idir lámha agam ar an gcur chuige a bhíonn le sonrú sa seánra sin. ARTISTS, SIBLINGS, VISIONARIES: The lives and loves of Gwen and Augustus John le Judith Mackerell teideal an leabhair atá á léamh agam faoi láthair.
5. An bhfuil moltaí dóibh siúd ar mhaith leo a bheith ag scríobh ach nach bhfuil 'fhios acu cén áit le tosú?
Tá inspioráid agus spreagadh le fáil i ngach áit – i ngach comhrá, íomhá, alt, scéala. Is gá a bheith géarchúiseach agus gach rud a ritheann leat a bhreacadh síos nó a thaifeadadh. Cuidíonn ceardlanna agus aiseolas ó shaineolaithe freisin. Thar aon rud eile is gá a bheith díograiseach.
Éist siar le Celia de Fréine ag caint le Seán Rocks, nach maireann ar an gclár Arena ar RTÉ Radio One sa bhliain 2017.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
An Cúinne Dána, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin ag 2.05pm