skip to main content

Síogaí agus Scéalta: Oíche Shamhna ar Inis Meáin

lnis Oírr, grianghraf le hAedín Ní Thiarnaigh.
lnis Oírr, grianghraf le hAedín Ní Thiarnaigh.

Scríobhann Aedín Ní Thiarnaigh, béaloideasóir agus scríbhneoir mar gheall ar na nósanna a bhíodh agus atá ag muintir Inis Meáin ag an am seo den bhliain.

Tá cáil mhór ar Inis Meáin mar áit a bhfuil scoth an tseanchais le haimsiú inti, agus mar áit a bhfuil nasc ar leith aici leis an seansaol. Sin í an fáth go ndeachaigh mise go dtí an t-oileán is lú daonra d'Oileáin Árann mar bhailitheoir béaloidis ar dtús, agus mé ag súil le seanscéalta a aimsiú ar an oileán nach bhfaighfí a leithéid áit ar bith eile. Siar in 2021 a bhí sé sin, agus mé i mbun máistreachta sa bhéaloideas, agus tar éis dom an taighde sin a chur díom - ba léir dom go raibh cáil Inis Meáin tuillte go maith aici.

Ní fhéadfainn a shamhlú an t-am sin go mbogfainn go dtí an t-oileán creagach agus go mbeinn fós ag bailiú béaloidis ar an oileán ceithre bliana níos déanaí, ach is geal liom gurb amhlaidh an scéal - agus mé ag obair i gcomhpháirt le Pleanáil Teanga Inis Meáin faoi láthair chun cartlann bhéaloidis áitiúil a bhunú ar mhaithe le seanchas na háite a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tráth seo na bliana, na hoícheanta ag dul i ngiorracht agus boladh an fhómhair ar an aer, níl aon ionadh ach go bhfuil suim agam in ábhar amháin thar aon ábhar eile, agus sin é seanchas na Samhna. 'Bob nó bia’ ar bith a chloistí in Inis Meáin fadó, ach ní hionann sin agus a rá nach mbíodh cleasanna go leor á imirt Oíche Shamhna.

Go deimhin, ba í sin an oíche ba mhó diabhlaíochta sa bhliain ar an oileán, agus é ráite nach mbíonn aon dlí i bhfeidhm an oíche úd; "Níl aon dlí ag baint le hOíche Shamhna", mhínigh Dara Taimín Meachair dom agus scéalta na Samhna á phlé againn le déanaí sa sráidbhaile is faide siar ar an oileán; Cinn an Bhaile

Dara Taimín Meachair i gCinn an Bhaile - (grianghraf: Aedín Ní Thiarnaigh)
.Dara Taimín Meachair i gCinn an Bhaile - (grianghraf: Aedín Ní Thiarnaigh)

"Ní ghabhfadh aon cheo ort Oíche Shamhna ar aon chaoi mar tá sí saor", ar seisean agus cuntas á thabhairt aige ar an gcaoi a ngléasadh sé féin agus fir óga eile suas ar nós na sióg Oíche Shamhna, i seanéadaí agus "rag-annaí", agus éadach thar a gcloigne ionas nach n-aithneofaí iad. B’fhurasta a thuiscint cén fáth go mbeadh fonn ar na fir a n-éadain a cheilt, nuair a thosaigh Dara ag insint scéalta faoin diabhlaíocht a mbítí ar siúl acu Oíche Shamhna ag deireadh na gcaogaidí; "Beagáinín ábhaillí…a bheith ag tabhairt rud ó theach, nó rud a chur suas ar shimléir, bhíodh muid á dhéanamh sin…go mbeadh na rudaí le feiceáil an lá arna mhárach. Ceapadh gurbh iad na síógaí a bhí ann. Sin an chaoi a raibh sé".

Cannaí gáis, cathaoireacha nó gnáthrudaí a bhíodh fágtha taobh amuigh ba ghnách a chur ar dhíonta na dtithe, ach ní raibh srian ar bith le rógaireacht ná le samhlaíocht na ndaoine - rud a bhí soiléir sa bhliain gur éirigh le Dara agus a chairde asal beo a chur suas ar bharr seide."An oíche seo, Oíche Shamhna, fuair muid asal agus chroch muid suas ar [an tseid] é. [Bhí] daoine thuas á tharraingt suas le rópaí….Bhí sé thuas ansin an lá arna mhárach, ach ná fiafraigh dom cén bealach ar tháinig sé as!"Níorbh é an t-asal bocht seo an t-aon ainmhí a bhí thíos le rógaireacht Oíche Shamhna in Inis Meáin ach an oiread, agus roinnt scéalta bailithe agam ó shin faoi ainmhithe bochta eile a raibh ról acu i ndiabhlaíocht na féile in aghaidh a dtola. "Bhíodh muid ag breith ar éanacha ina gcoladh…gealbhan, nó smórlach dá bhfaigheadh tú é…iad a dhalladh le solas, beireacht orthu…agus [iad a] scaoileadh isteach sna tithe dá mbeadh fuinneog oscailte", arsa fear áitiúil eile liom.Bheadh éanacha Inis Meáin thíos le cleasaíocht na Samhna arís blianta eile ina dhiaidh sin, nuair a fuadaíodh coileach amach as cró bliain amháin agus scaoileadh isteach tríd doras Theach Ósta Inis Meáin é; "Thug siad leob an coileach agus chaith siad isteach sa bpub é. Bhuel ní fhéadfaí breith air! Bhí sé ag eitilt timpeall, coileach mór millteach, bheadh faitíos ort roimhe!" , arsa Pádraig Dara Beag Ó Fátharta, a bhí sa bheár an oíche sin. Ach bhí spraoi go leor Oíche Shamhna in Inis Meáin nach raibh chomh hábhailleach céanna, agus is iomaí cur síos atá cloiste agam ar chluichí na bpáistí a d’imrítí an oíche sin le húlla, toradh nach mbíodh fairsing in Inis Meáin fadó;

Úlla Inis Meáin (grianghraf: Orlaith Breathnach)
Úlla Inis Meáin (grianghraf: Orlaith Breathnach)

Nuair a bhíodh muide ag fás suas ní bhíodh úllaí sna siopaí i gcónaí. Fuair siad boscaí úllaí i gcomhair na Samhna. Bheifeá ag tnúth leo, go dtiocfadh Oíche Shamhna mar ní raibh siad le fáil chuile lá, ach faoi Shamhain bhí siad an-speisialta", arsa Juda Uí Loinsigh agus ise ag cuimhneamh ar a hóige siúd san oileán.

Caoilinn Ní Choincheanainn agus a deartháir Ferdia ag spraoi le húlla Oíche Shamhna in Inis Meáin (grianghraf: Adrian Ó Coincheanainn)
Caoilinn Ní Choincheanainn agus a deartháir Ferdia ag spraoi le húlla Oíche Shamhna in Inis Meáin (grianghraf: Adrian Ó Coincheanainn)

Is gnách ar fud na hÉireann cluichí a imirt le húlla faoi Shamhain, agus mar a chéile a bhí an scéal in Inis Meáin. Más ionann na cluichí a bhíodh á n-imirt áfach, tá focal ar leith ag muintir Inis Meáin ar cheann de na cluichí nach raibh cloiste agamsa roimhe; an "diveáil", mar a thugann Máirín Uí Chonghaile air:"B’fhada linn go dtiocfadh Oíche Shamhna mar chuirfí báisín i lár an urláir le dul ag ‘diveáil’! Sin a thug muid air, ‘ag diveáil’ Oíche Shamhna; úllaí a chur sa mbáisín agus ghabhfá ar do dhá ghlúin ar an urlár agus do dhá lámh ar do chúl. Ní raibh cead agat do lámh a chur gar don úll ná don uisce. [Bheadh] do bhéal oscailte agus [tú] ag iarraidh beireacht ar an úll, thógfadh sé i bhfad!" Ba ghnách beagán airgid a chur thíos sa bháisín freisin uaireanta, rud a thaitin go mór le Juda Uí Loinsigh agus í ina cailín óg; "Nuair a bheadh na húllaí thart, chuiridís sóinseáil [sa mbáisín]. Pingeacha a chaithidís san uisce agus théadh sé go tóin an bháisín. Is cuimhin liom fhéin uair amháin fuair mé scilling, agus cheap mé go raibh mé saibhir!".Bhaintí barr spraoi arís as na húlla an oíche chéanna nuair a chrochtaí ón tsíleáil iad agus bhíodh ar na gasúir plaic a bhaint astu gan lámh a úsáid. Cluiche eile a bhí fairsing ná go leagtaí sásair amach ar bhord a mbíodh roinnt ábhar éagsúla orthu. Chuireadh na himreoirí púicín orthu féin, agus pé ar bith sásair a roghnaídís, tuar a bheadh ann ar an méid a bheadh i ndán dóibh sa saol.

Cluichí Oíche Shamhna in Inis Meáin (grianghraf: Máiréad Ní Fhátharta)
Cluichí Oíche Shamhna in Inis Meáin (grianghraf: Máiréad Ní Fhátharta)

Paidrín, fáinne, píosa d’éadach garbh, uisce agus cré a bhíodh ar na sásair i dtigh Juda Uí Loinsigh agus ise ag fás aníos; "Bhí míniú le chuile rud - paidrín go mbeidh tú ag dul bheith i do bhean rialta nó i do shagart. Uisce, go raibh tú ag dul thar sáile…fáinne [go raibh] tú ag dul a pósadh. Cré, go gcaillfí go luath thú agus an píosa d’éadach, go mbeifeá bocht i do shaol, bheadh na rag-annaí ort". I measc na diabhlaíochta ar fad Oíche Shamhna, bhíodh ómós á léiriú freisin do na mairbh. Bhí creideamh i measc an phobail go mbíodh na mairbh ag dul timpeall ar an oileán an oíche sin, nó go dtiocfaidís isteach sna tithe agus go suídís faoi na fraitheacha.Má chuir sé seo faitíos ar dhaoine áirithe agus ar ghasúir go háirithe, a ndeirtí leo gan dul amach tar éis thitim na hoíche ar fhaitíos go bhfeicfidís na taibhsí, ba ghnáthchuid den fhéile agus den chreideamh iad na mairbh do theaghlaigh áirithe in Inis Meáin, mar a deir Peadar Mór Ó Conghaile; "Oíche Shamhna, ‘sí Oíche na Marbh í. Is cuimhin liom é ráite ag mo mháthair, déarfadh sí gan an doras a dhúnadh, a fhágáil oscailte píosa go mbeadh [na mairbh] ag dul isteach is amach i lár na hoíche. Ghabhaidís isteach is amach. D’airigh muid ariamh é". Mura bhfuil dlí ar bith Oíche Shamhna in Inis Meáin mar sin - is cinnte go bhfuil dúchas go leor ann fós, agus go mbeidh amach anseo ar feadh blianta fada le teacht.

Dul faoi na gréine in Inis Meáin i mí na Samhna (grianghraf: Aedín Ní Thiarnaigh)
Dul faoi na gréine in Inis Meáin i mí na Samhna (grianghraf: Aedín Ní Thiarnaigh)