skip to main content

Céad Míle Fáilte beo i mBéal Feirste d'Oireachtas na Samhna

Scríobhann Caoimhe Ní Chathail, craoltóir le BBC Gaeilge, faoi Oireachtas na Samhna na bliana seo a bheidh ar siúl i mBéal Feirste don chéad uair ón mbliain 1997.

Tá an Céad Míle Fáilte beo i mBéal Feirste d'Oireachtas na Samhna 2025.

Tá bratach Oireachtas na Gaeilge ar foluain taobh amuigh de Halla na Cathrach i mBéal Feirste, ag seideadh go bródúil leis an ghaoth mar lochrann don Ghaeilge agus mar chomhartha soiléir go bhfuil féile mhór na nGael, Oireachtas na Samhna ag teacht ar ais go Béal Feirste den chéad uair ó 1997.

Thiar sa bhliain sin, bhí an chathair ar imeall an athraithe, cathair lán dóchais, ach an síochán go fóill leochaileach. Cathair a bhí ar imeall an bhearna bhaoil i gcónaí. Domsa, ba bhliain thábhachtach í fosta, bhí mé 11 d’aois, ag tosú m’aistear leis an teanga. Bhí mé sa chéad bhliain ar an scoil mhór, agus ag aimsiú domhan nua trí Ghaeilge – Caoimhe eile, cairdeas eile, saol eile.

Anois, 28 bliain ina dhiaidh sin, tá mé ainmnithe mar phearsa raidió na bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, páirteach i gcomórtas na lúibíní le mo leathbhádóir ceoil Róise Nic Corraidh, anseo inár mbaile dúchais féin, agus m’iníon ag glacadh páirte sa chomórtas faoi 6. Is beag gur chreid mé ag an am go mbeinn líofa, gan trácht ar bheith mar chuid den fhéile stairiúil seo.

Níl léamh, scríobh, ná insint béil ar an fhuinneamh atá le mothú anseo ó fógraíodh go mbeadh an fhéile ag teacht chugainn. Agus cad chuige nach mbeadh? Tá go leor againn anseo le bheith ag maíomh as. Tá difear suntasach idir Béal Feirste mar a bhí agus mar atá anois. Tá gluaiseacht bhríomhar Gaelscoile ó thuaidh, le beagnach 8000 dalta ag foghlaim trí Ghaeilge achan lá. Tá líonra láidir eagraíochtaí Gaeilge ann, a bhíonn ag comhoibriú le chéile le himeachtaí sultmhara a chur ar fáil, ranganna Gaeilge a éascú d’fhoghlaimeoirí agus saol trí Ghaeilge a chur ar fáil dúinne atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge.

Bíonn comórtais Oireachtas na Samhna i gcroílár na féile, agus deir Ceannasaí Oireachtas na Gaeilge go bhfuil méadú tagtha ar líon na nUltach a bheas páirteach i mbliana. Tá ráite aici gur mheall na comórtais úra; comórtas cóir do bhunscoileanna, comórtas rapcheoil do dhaoine óga agus comórtas in ómós do Albert Fry, d’amhránaiocht le tionlacan, a thuilleadh duine i dtreo na féile. Tá na comórtais úra seo ag tógáil ar an dea-obair atá déanta ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain le blianta beaga anuas leis na taibhealaíona teangabhunaithe a thabhairt chun cinn, agus fás agus forbairt tagtha gach bliain ar an fhéile Sean-nós na Fearsaide a bhíonn réachtáilte i gcomhpháirt le hOireachtas na Gaeilge.

Ní amháin sin, ach tá fuadar faoi eagraíochtaí agus scoileanna agus ceardlanna amhránaíochta, lúibíní agus rapcheoil curtha ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta ar aon agus iad ag ullmhú don fhéile. Tá daoine ar an chathair seo nár fhreastail riamh ar an fhéile agus pléisiúr Dé atá ann bheith ag éisteacht le pleananna dhaoine agus iad ag beartú freastal a dhéanamh ar roinnt imeachtaí agus feistis roghnaithe, agus gruaig agus smideadh curtha in áirithe amhail is go raibh siad ag freastal ar bhainis.

Agus ar bhealach bainis atá ann, táimid ag pósadh saol comhaimseartha na Gaeilge le taibhealaíona dúchasacha ár sinsir. Táimid ag tógáil ar an dúshraith a leag Cumann Chluain Árd agus Bóthar Seoighe. Tá Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich mar a bheadh seoid sa Cheathrú Gaeltachta ag fáiltiú roimh imeachtaí de chuid na féile. Tá obair na gcapall ar siúl ag leithéidí Glór na Móna agus Ionad Uibh Eachach agus tá Forbairt Feirste ag obair go dícheallach i mbun fiontraíochta leis an chuid is fearr den chathair a thaispeáint daoibh agus turas stairiúil na Gaeilge ar Shlí na Gaeltachta in Iarthar na cathrach.

Caoimhe Ní Chathail (ceol)
Caoimhe Ní Chathail

Tá bealach fada siúlta ag na ceathrúna eile i mBéal Feirste ó thaobh na Gaeilge de ó bhí 1997 ann, fosta. Seasann An Droichead go bródúil i ndeisceart na cathrach, agus in oirthear na cathrach, bíonn na slóite ag freastal ar ranganna faoi stiúr an Dr Linda Ervine in Turas, agus nach iontach an turas atá siúlta acu siúd, splanc dóchais don athmhuintearas agus do thodhchaí na teanga ó thuaidh.

Ní amháin é sin ach tá saol na craoltóireachta neartaithe ó bhí an tOireachtas anseo go deireanach. I 1997, níorbh ann don Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, ná na cúrsaí oiliúna a chuireann siad ar fáil do léiritheoirí agus d’oibrithe eile i saol na meán agus Raidió Fáilte anois fud fad na cathrach óna dteach craolacháin féin ag bun Bhóthar na bhFál.

D'fhógair An tOireachtas go mbronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025 ar an gCiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód i mbliana.

Maidir linn féin in BBC Gaeilge, tá réimse leathan ábhar ar fáil idir raidió, teilifís agus go digiteach do pháistí agus do dhaoine fásta mar aon, agus muid féin ar bís le bheith ag craoladh ó chroílár na féile le féasta ceoil ó Ostán an Europa, oíche Dhéardaoin an Oireachtais agus bheith i lár an aonaigh leis na gaeil gach lá mar chuid den cheiliúradh.

Mar sin, tá muid mar Fheirstigh ag cur fáilte chroíúil roimh Ghaeil ó gach cearn den tír chuig ár gcathair aoibhinn, álainn, ghaelach.

Táimid neamhleithscéalach faoinár mbród agus faoinár mortas ón Sliabh Dubh go barr Bheann Mhadagáin agus réidh le ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga, ár gcultúr agus ár gcathair.

Go mbaine sibh sult as an fhéile anseo linn i mbliana. Go mblaise sibh scoth an bhia, go sloga sibh bhur rogha dí agus go gcluine sibh canúintí na nGael go glórach i mBéal Feirste Cois Cuain.

Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go dtí 2 Samhain. Faigh amach níos mó eolais anseo