skip to main content

Oíche Shamhna: An Ancient Mystery

Oíche Shamhna. Tráth den bhliain, le teacht an gheimhridh, nuair is dócha caidreamh le neacha uafásacha agus osnádúrtha.

Is fada ceiliúradh mór á dhéanamh i Meiriceá ar Oíche Shamhna, agus tá sin ag scaipeadh ar fud an domhain anois – ach is le hÉirinn a bhaineann Oíche Shamhna ó bhunús. Baintear leas sa tsraith dhá chlár faisnéise uair a chloig an ceann seo as cúrsaí eolaíochta, seandálaíochta, béaloidis agus miotaseolaíochta lena léiriú gur ó sheanfhéile na Samhna in Éirinn a shíolraíonn Oíche Shamhna. Tá cuid mhór de na nósanna a bhaineann le hOíche Shamhna an lae inniu ar féidir a mbunús a ríomh siar go Samhain na hÉireann, go háirithe an tuiscint gur ag an tráth seo den bhliain is gaire an Saol Eile don saol seo. Tá lucht eolaíochta i mbun iniúchadh a dhéanamh ar uaimh uaigneach in iarthar na hÉireann. D'fhéadfadh míniú ar Oíche Shamhna a bheith le sonrú ar na seanscéalta atá ceangailte leis an áit sin.

Is fada ceiliúradh mór á dhéanamh i Meiriceá ar Oíche Shamhna, agus tá sin ag scaipeadh ar fud an domhain le tamall de bhlianta anois. Sa chéad chlár seo de shraith 2 chlár x 1 uair a chloig faisnéise, ríomhtar bunús Oíche Shamhna in Éirinn le cíoradh ar thoradh saothair obair nua lucht eolaíochta. Le cumasc spéisiúil ábhar béaloidis, miotaseolaíochta agus seandálaíochta, léirítear sa chlár seo an chaoi a síolraíonn Oíche Shamhna anuas ó sheanfhéile ársa na Samhna in Éirinn. Agus léiríonn féilire cré-umha atá i Lyon na Fraince an ceangal idir Éire agus an Ghaill sa ré ársa, ceangal ar cuid é de seanbhunús na Samhna.

Is dóigh le cuid mhór gur ó sheanfhéile na Samhna, a bhíodh á cheiliúradh in Éirinn ar feadh na gcianta, a shíolraíonn Oíche Shamhna. Sa dara clár seo de shraith 2 chlár faisnéise x 1 uair a chloig, léirítear an chaoi ar thug lucht imirce as Éirinn Oíche Shamhna go Meiriceá i rith an 19ú céad agus an forás a tháinig air sin go bhfuil sé scaipthe ar fud an domhain sa lá atá inniu ann. Feictear lucht seandálaíochta agus síceolaíochta anois ag súil le bunéirim na Samhna a dhéanamh amach ag uaimh uaigneach i gCúige Chonnacht, geata mar a deirtear chuig an Saol Eile. An tráth céanna, tá lucht eolaíochta ag iarraidh dáta a chur leis an mbealach isteach saorga chuig an uaimh: an bhféadfadh gur anseo atá bunús ceart Oíche Shamhna?

Dé Domhnaigh, 26 Deireadh Fómhair, 7.30 agus Dé Luain, 27 Deireadh Fómhair ag 18.30 ar RTÉ ONE