Tá The An Post Irish Books awards ag ceilúradh 20 bliain ag fás i mbliana. Gach bliain, féachann na gradaim seo le haird a tharraingt ar ár gcuid scríbhneoirí féin atá i mbun pinn agus ag foilsiú.
Clúdaítear nach mór 20 catagóir sna gradaim ó fhicsean go leabhar do pháistí agus neart eile. Bíonn catagóir ann don leabhar Gaeilge is fearr, le déanaí, don leabhar ficsin Gaeilge is fearr faoin mbranda Love Leabhar Gaeilge.
Seo an gearrliosta don chatagóir i mbliana do Gradam Love Leabhar Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana
An Bhlaosc sa mBois – Michéal Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht)
Bódléar – Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac)
Fiche – Colm Ó Ceallacháin (Leabhar Breac)
Scéalta Nollag – Alan Titley, maisithe ag Firas Aldakkak (LeabhairCOMHAR)

Fógrófar na buaiteoirí Déardaoin, 27 Samhain i mBaile Átha Cliath. Cuirfidh Oliver Callan clár teilifíse speisialta i láthair a chraolfar ar an 11 Nollaig.