Labhair muid le Dáithí Ó Sé faoin seal a chaith sé féin agus Muireann Nic Amhlaoibh ag an bhFleadh i Loch Garman i rith an tsamhraidh a bheidh le feiceáil ar RTÉ ONE ag tosú Dé hAoine 24 Deireadh Fómhair ag 8pm
Don dara bliain as a chéile, reachtáladh Fleadh Cheoil na hÉireann i mbaile Loch Garman agus deir Dáithí gur baile é atá 'déanta' don bhFleadh mar go bhfuil na sluaite in ann atmaisféar álainn na féile a bhlaiseadh agus craic a bhaint as an mbaile féin freisin.
Tagann na daoine ní hamháin as gach cearn den tír seo ach níos faide i gcéin freisin, a deir Ó Sé. Feiceann tú gach saghas duine ag an bhFleadh, ón tuismitheoir bródúil go dtí an turasóir idirnáisiúnta. Tagann siad ar chúiseanna éagsúla, cuid acu, bíonn siad ann ag glacadh páirte sna comórtais agus iad ag seinim ceoil, seo an bhuaicphointe agus daoine eile, tagann siad ar mhaithe le blaiseadh a fháil de chultúr na hÉireann. Tá 'mórtas cine' i gceist le daoine áirithe agus 'nostalgia' le daoine eile, dar le Dáithí. Dóibh siúd a fuair chomh fada leis an bhFleadh Cheoil sna comórtais, deir Dáithí gur ceiliúradh dóibhsean é an Fleadh.
Cé nach gcloiseann muid é ag góilín rómhinic, tá cúlra fíorcheolmhar ag Dáithí. Nuair a bhí sé ina fhear óg dúirt sé nach raibh puinn suime aige sa cheol seachas Guns n' Roses, áfach, go dtí gur tháinig Begley agus Cooney chun cinn. Spreag an bheirt Dáithí le dul i mbun amhrán, macasamhail go leor eile ag an am. Luann Dáithí Séamus Begley, nach maireann, mar Rí na n-Amhrán agus go bhfuil sé tábhachtach leithéidí Phiaras Ó Lorcáin a fheiceáil ag teacht aníos, fear óg as Ard Mhacha Theas ag tabhairt faoi cheard na n-amhrán.
Tugann an tsraith seo blas don lucht féachana ar an gcraic, an dath agus an ceol a bhíonn ag an bhféile cheoil thraidisiúnta is mó in Éirinn - agus cuireann sí iad díreach i lár Fhleadh Cheoil na bliana seo. Measann na Gardaí gur thug suas le 850,000 duine cuairt ar Loch Garman le linn ocht lá na féile.
I measc na dtaispeántas spreagúla, tá Damien Mullane agus Seán O’Meara, Piaras Ó Lorcáin, Neansaí Ní Choisdealbha agus a cairde, Muintir Uí Mhaolagáin, Ademar O’Connor & Michael Fearon, Micheál agus Méabh Uí Raghallaigh, Conal Ó Gráda, an Rowesome Piping Quartet, agus go leor eile.
Fleadh Cheoil, Dé hAoine, 24 Deireadh Fómhair, 8pm ar RTÉ ONE