D'fhógair An tOireachtas inniu go mbeidh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2025 á bhronnadh ar an gCiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód i mbliana.
Bronntar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar dhuine, eagraíocht nó tionscadal atá ag saothrú go héachtach ar bhonn leanúnach in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge agus ag baint torthaí eiseamláireach amach ina réimse oibre. Déanann an CCG maoiniú ar bhreis agus 60 uair an chloig d’ábhar físe Gaeilge in aghaidh na bliana chomh maith le deiseanna forbartha a chur ar fáil do réimse leathan léiriúcháin agus craoltóirí. Bíonn an t-ábhar a chruthaítear ar fáil ar BBC Thuaisceart Éireann, TG4 agus RTÉ chomh maith le réimse ardáin ilmheáin. Anuas ar sin, cuireann an CCG maoiniú ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá ag obair san earnáil nó a bhfuil spéis tabhairt faoi ghairm sna meáin.
"Is beag bliain ó thús ré oibre an Chiste Chraoltóireachta Ghaeilge nach raibh lorg a shaothair le sonrú go láidir ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus is mó gradam a bronnadh ar chláir, ar scannáin agus ar phearsana a tháinig tríd na gcóras éagsúla coimisiúnaithe agus oiliúna a bhí faoina stiúir", a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. "Eiseamláir den scoth is ea an chomhpháirtíocht luachmhar atá cothaithe idir Scáileán Thuaisceart Éireann, Fís Éireann agus na meáin éagsúla, traidisiúnta agus ar líne, atá tiomanta do chraoladh scoth an ábhair Ghaeilge le cuidiú fheidhmíocht dhúthrachtach an CCG. Tréaslaím leo as scoth an tsaothair ar son na craoltóireachta Gaeilge le fiche bliain anuas."
Dúirt Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir & Ceannasaí an CCG: "Ábhar áthais agus bróid dúinn Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais a bheith á bhronnadh orainn i mbliana, go speisialta agus muid ag ceiliúradh 20 bliain den Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Is ómós ar leith é an t-aitheantas seo do na daoine ar fad a thaisteal an ród seo inár gcuideachta — na foirne cruthaitheachta cumasacha, na cuideachtaí léiriúcháin, na craoltóirí agus na hoiliúnóirí a threoraigh scéalta Gaeilge go seoigh chuig an scáileán. Le dhá scór bliain anuas, tá fás, comhoibriú agus cruthaitheacht dochreidte feicthe againn ar fud na hearnála, agus is ceiliúradh ar ár rath agus ár rathúnas i bhfochair a chéile é an gradam seo. Táimid an-bhródúil as an méid atá bainte amach go dtí seo agus ar bís faoina bhfuil i ndán do chraoltóireacht na Gaeilge sa todhchaí."
Bronnfar an gradam seo mar aon le Gradaim Chumarsáide 2025 uile ag an Searmanas Bronnta a bheidh ar siúl i Halla na Cathrach i mBéal Feirste, Dé Céadaoin, 29 Deireadh Fómhair 2025, ceann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna 2025.