skip to main content

Bail Ó Dhia ar an Landline

Tá ár gcolúnaí anaithnid tinn tuirseach den ghruaim ar fad a bhaineann leis an bhfón póca- ó shíorthaifead go gruaimscrolláil agus céad míle teachtaireacht ar chomhráite Whatsapp ach cad a dhéanfaidh sí feasta gan fón?

Níl aon ré den chine daonna riamh go dtí seo tar éis an oiread dóibh féin a fheiceáil. Áit a raibh cúpla pictiúir tógtha ag mór ócáidí saoil ag ár sinsear agus scáthán amháin sa tigh, anois tá taifead déanta ar gach rud a dhéanann muid, scáthán inár lámh againn gach nóiméad den lá, agus an cuid is mó den lá oibre caite againn ag féachaint orainn féin ar scáileán. Ní raibh a leithéid ag na glúinte a d'imigh romhainn, agus saoirse acu gan sin, dá bharr, dar liom. Leis an méid ama a chaitheamar ag féachaint orainn féin le tamall de bhlianta anuas, ní haon ionadh gur tháinig borradh chomh mór sin faoi chlinicí Botox tar éis an dianghlasú Covid, agus muid ar fad tar éis an iomarca ama a chaitheamh ag déanamh anailíse ar gach líne agus locht atá againn ar ár n-aghaidheanna féin ar Zoom.

Má tá tú pioc cosúil liomsa, ní bhíonn tú riamh ró-chompordach le pictiúirí, fiú le scagaire orthu. Uaireanta nuair a fheicim an ceamara ag teachta amach, bíonn fonn orm teitheadh mar tá a fhios agam go mbeidh mé ag déanamh anailíse níos déanaí ar na breis smigeanna a thagann orm agus mé ag déanamh meangadh gáire do phictiúr. Táim braon de m’íomhá féin a fheiceáil chun an fhírinne a rá leat.

Tattooed mother using phone

Saoirse álainn eile a bhí ag ár sinsear ná nach raibh domhan iomlán de hábhar gruaimscrollála acu. Táimid ar fad ite le fios aige. Conas a ghlanann daoine a dtithe? Cad a chuireann siad sna boscaí lóin? Cén saghas DIY atá ar bun acu? Conas a ghlanann siad a n-aghaidheanna? Cad a itheann siad gach lá? Caithfidh mé a rá, nach ndéanann sé maitheas domsa féachaint ar dhaoine le tithe glana ar na hardáin. Ní bheidh mo thigh riamh glan, mar nach bhfuil cónaí ar mo bheirt óg ann? D’fhéadfainn iad a leanúint timpeall le folúsghlantóir ó mhaidin go hoíche, ach ní dhéanfadh sé difir ar bith, mar bheadh na crústaí, brístí beaga agus cad é saghas bruscar ar ais arís i bhfaiteadh na súl. Caithfidh tú géilleadh do sin ag pointe éigin agus tú ag tógáil clann óg is dóigh liom. Ní ghabhaim leithscéal níos mó faoin dtigh a bheith in phraiseach nuair a thagann daoine ar cuairt níos mó, ach deirim 'Tar isteach, tá flatmates míshlachtmhaire ag roinnt liom anseo, ach is leo an tigh faraor!’. Bhí orm gáire os ard an lá eile nuair a bhuail sé mé go raibh mé tar éis 30 nóiméad a chaitheamh ag féachaint ar dhaoine ag déanamh ‘Reset’-eanna tí agus ag ‘Dí-chlutteráil’ agus dá mbeadh an t-am sin caite agam féin ag glanadh, bheadh an tigh go breá! Is saghas limbo atá i gceist leis an scrólláil céanna. Ach fágann seo folamh tú. Is cinnte go raibh de-tox digiteach ag teastáil, ach bhí gach leithscéal agam gan tabhairt faoi, go dtí gur tháinig fírinne searbh ó dhuine beag i mo shaol.

Tháinig catalóg bréagáin isteach sa phost gan choinne an tseachtain seo caite (Gan Oíche Shamhna linn fós!!). Ghéill mé agus lig mé do mo bheirt féachaint tríd. Thángamar ar theileafón beag Fisher Price. Mhínigh mé gur thug Daidí na Nollag fón mar sin chugamsa fadó. Bhí mearbhaill sa tseomra.

‘Ní fón é sin. Níl tú in ann féachaint ar éinne leis!’, arsa an té is óige.

‘Ní gá duit féachaint ar dhaoine ar fón i gcónaí.’, arsa Mise.

‘Bíonn tusa’, arsa seisean.

Mic drop ó naíonán. Is deacair sin a shárú. Bhí an ceart aige. Bhí mé sáite i mo fón le fada. Cén réiteach a bhí agam ar sin? É a cheangail leis an mballa gach tráthnóna agus sean-landline a dhéanamh as go bhfeicfinn conas mar a bheadh agam.

Agus mo fón chliste (más ea) ceangailte sa halla, ní raibh fonn orm a bheith ag seasamh ansin don lá ag seoladh téacsanna, ag scrolláil srl agus cé go raibh sé ait dom gan a bheith ceangailte leis an ndomhan, rinne sé maitheas dom.

Níor bhraith mé uaim an 20 míle téacs grúpa WhatsApp scoile, spóirt srl. Bhí mé in ann an comhrá iomlán a léamh ag deireadh an lae agus tús agus achoimre deas ar chúrsaí agam.

‘An bhfaca éinne Geansaí le X?’

‘Níl’ x 24

‘Ar chuala sibh go bhfuil Búdaithe sa rang?’ (níl gaoth an fhocail uaim agus tosaíonn an tochas gruaige!)

Bhí mé in ann an tuairisc curtha le chéile ag Poirot an ranga a léamh ag deireadh an lae, in ionad beo agus gach rud nótáilte ag an mbleachtaire céanna; cé orthu a raibh tochas orthu sa líne sa chlós ar maidin, cé a bhí luath nó déanach (ná habair!), nó páirceáilte ró-ghar do na línte buí. Ní bhraith mé uaim an 90 fógra in aghaidh na huaire ar mo scáileán, caithfidh mé a rá.

É sin ráite, bhí cúpla nóiméad ann áfach nuair a theastaigh uaim pic a ghlacadh de mo bheirt óg, ach níor bhac mé leis an fón a fháil. Tá an nós agam an lámh a bheith ar an ‘holster’ chun pic a ghlacadh, nuair a chloisim ‘Féach ar seo mam’. An lá seo, bhí mé ag féachaint gan aon lionsa eadrainn, rud a bhí deas.

Ba dheas an saol a bhí againn nuair a bhí an fón srianta le sreang. Is cuimhin liom an fón bán a bhí ar bhalla na cistine agus mé féin óg. Bhí sreang fada air ach ní fhéadfá an chistin a fhágáil, ar nós an fón a bhí i lár na cistine ar seó Roseanna fadó, nó an burger fón sa diner i Home and Away a thabharfadh an nuacht is déanaí chuig Irene agus Marylin. Níor bhuail an fón sa abhaile ró-mhinic, ach bhí rás i gcónaí chun é a fhreagairt chun uimhir an tí a ghlaoch amach go bródúil. A mhalairt de scéal atá anois ann.

Ní bhíonn aon duine ag iarraidh labhairt ar an bhfón níos mó. Má bhuaileann mo fón, baineann sé geit asam, mar is trí théacsanna a bhím ag cumarsáid anois. Ní chuirim glaoch ach nuair a bhfuil géar-ghá, agus leisce orm i gcónaí. Ach, cad ina thaobh go bhfuilimid ag seachaint a bheith ag caint le chéile? B’fhearr linn nóta gutha a chur (cinn níos faide ná podchraoltaí uaireanta agus ruaille buaille sa chúlra go minic - maith dom é a chairde!), nó meme a chur, ach céard faoi chomhrá ceart le duine? Sall agus anall, gáire do chara nó do ghaol a chlos in ionad emoji ‘ag gáire le deora’ a fháil ar do chuid scéalta is fearr. Is cailliúint atá ann dar liom.

Chuir mé glao ar chara ar mo landline nua an oíche ‘Cold turkey’ sin.

‘An bhfuil gach rud oicé?’ an fhreagra tapaigh a tháinig, mar nach bhfuil de nós againn glao a chur ar a chéile ach téacsanna agus ríleanna greannmhaire a chur ó mhaidin go hoíche gach lá.

‘Tá’ arsa mise, ‘Tá landline nua agam’.

Mhínigh mé mo scéal, agus chuir an cara i gcuimhne dom an raic a bhí ann fadó nuair a bhí mo chéad boyfriend agam agus tháinig an bille fóin go dtí an tigh, tar éis dom a bheith ag glaoch air ar an landline gach lá tar éis scoile. Rinneamar scairteadh gáire ansin faoin mboyfriend ag ceannach ‘Call Card’ dom do Lá Fhéile Vailintín, chun go bhféadfainn glaoch air chun ár ‘Hi’ iarr-scoile a rá sa bosca teileafón ag bun an bhóthair. A leithéid de Milk Tray moment! Bhíomar sna trithí ag cuimhneamh siar. Bhí an scéal sin go hiomlán dearmadta agam féin, go dtí sin. Ní raibh mé suite liom féin ar an tolg ag scrolláil, ní raibh mé ag mothú go dona faoi m’éadaí, mo chraiceann nó mo thigh, mo shaol, don chéad uair le fada. Bail ó Dhia ar an landline, agus comhrá ceart le cairde maithe.

Le gach dea-rún

An Cat ‘s a Cóisir