skip to main content

Puimcíní agus Púcaí: Draíocht an Fhómhair le páistí beaga

Scríobhann Ailbhe Nic Cába faoi dhraíocht an tséasúir lena clann le sult a bhaint as an gcruthaitheacht agus an spraoi a bhaineann leis.

Ní hé an oiread sin tóir a bhí agam ar shéasúr an Fhómhair & Oíche Shamhna go dtí gur tháinig mo chailín beag ar an saol i mí Dheireadh Fómhair. Tá cuimhní cinn iontacha agam den bob nó bia le cáirde sa bhaile ach i ndáiríre, thaitin sé liom éalú ar laethanta saoire d'Oíche Shamhna féin le nach mór scór bliain anuas.

Tá ómós as an nua agam anois don tréimhse aoibheann seo den bhliain.

An ghriain íseal sa spéir, dathanna saibhre ar lí an ómra inár dtimpeall. An droichead dóighiúil idir bhrothall an tsamhraidh agus gliondar na Nollag, an séasúr is ansa liomsa!

Beidh muid ag ceiliúradh ag tús mhí Dheireadh Fómhair agus an cailín s’againne 3 bliana "Tá mé beagnach trí" tagtha faoi deireadh, agus í ar bís le píosa ag fanacht lena lá mór!

Is leithscéal iontach é leis an teach a ghlanadh ó bhun go barr agus an áit a réiteach don slua a bheidh linn ar an lá. Ón lá sin amach, beidh muid ag sú isteach gach a bhfuil le déanamh ag an tréimhse seo bliana agus fáilitiú roimh na Samhna

Cé go gcaithfidh mé sriain a chur orm féin ag maisiú an tí do thréimhse na Nollag a thúisce is gur féidir liom, ní maith liom maisiúcháin an Fhómhair a tharraingt amach ro-luath. Ag iarraidh síneadh aisteach a bhaint as an Samhradh is dóigh… i m’intinn fhéin ar aon nós!

Mar sin féin, is álainn an nós atá tagtha chun cinn le tamall do thimpeallacht a mhaisiú don tréimhse seo bliana. Mura bhfuil tú chomh tógtha sin le púcaí is cailleachaí, is féidir an teach a mhaisiú le cómharthaí sóirt an Fhómhair, mar sin féin.

Bláthfhleasc an Fhómhair ar an doras, ceann a shníomh tríd an staighre nó ceann a leagan amach ar an tinteán agus é a líonadh amach le puimcín veilbhit nó puimcín criadóireacht ar thaobh-bhord.

Lig do na daoine beaga sa líon tí cúnamh a thabhairt leis an maisiú, nó níos fearr fós, bhur bláthfhleasc féin a dhéanamh le chéile. Níl uaibh ach crochaire miotal agus meascán de bheangáin ón ngarraí nó ón timpeallacht le do phíosa álainn féin a chruthu.

Tabhair bhur n-aghaidh ar chontae na Mí don fhéile Púca áit a mbeidh ócáidí éasgúla do chuile aois ghrúpa dírithe ar an gceol, scéalaíocht agus ceardaíocht chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhunús na Samhna i dtraidisiún págánach na tíre seo.

Anuraidh, bhí an-lá againn ag garraí puimcín nó Pumpkin Patch taobh amuigh d’Áth Buí i gContae na Míagus beidh muid ag filleadh i mbliana! Cuirtear tús leis an lá ag siúl trí lúbra agus seans ag na páistí (beaga agus móra!!) dul in airde ar chaisleáin déanta as chornáin féaracha agus síos arís ar shleamhnáin. Ní áirím turas tríd na puimcín féin le do rogha a bhreith leat abhaile.

Ní gá gur ócáidí a mbíonn costas ag baint leo uilig a bheadh ar bun le blaiseadh den tsamhain a bhreith libh.

Agus deireadh glan anois leis na mála bruascar dubha mar bhunús le gach feistis, tá na siopaí ag líonadh suas le bhréag-chultacha d’Oíche Shamhna. Bíodh sin mar atá, tá meitheal na mBan is na Máthar ag roinnt cultacha a bhfuil neart spraoi le baint astu go fóill saor in aisce sna grúpaí Whatsapp nó ar chostas íseal ar Vinted.

Téigh amach ar shiúlóid faoin aer le dathanna an tséasúir a shú isteach. Bíodh sinn gar do bhaile nó ar feadh Ascaill Uí Ghríofa, an Canáil Ríoga nó thrí Pháirc an Fhionnuisce, mar is ansa linn féin.

Is aoibheann go deo an ócáid bhliaintúil a eagraíonn Garraithe na Lus i mBaile Átha Cliath do pháistí le puimcíní a mhaisiú ar bhealaí cruthaíoch, spleodrach. Bíonn meascán mearaí de Peppa Pig, diosco pumpkins agus Uachtarán Trump é féin! Tóg ionsporáid uaidh sin le bhur gcuid puimcín féin a mhaisiú sa bhaile.

Céard faoi chluichí thraidisiúnta na Samhna a imirt sa bhaile. Tá cur síos álainn ag Edwina Guckian ina leabhar Sparks from the Flagstones ar na cluichí seo. Samhlaím an spraoi gan trácht ar an slabar a bheidh sa teach seo agus muid ag tumadh d’úllaí!

Edwina Guckian agus a clann
Edwina Guckian agus a clann

Tá neart deiseanna chomh maith don spraoi chéadfach. Gearr bhur bpuimcín agus lig do na páistí bheith ag spraoi leis an méis a thagann amach as, gan trácht ar an mBáirín Breac blasta a bhácáil le chéile mar chlann. Ná dearmad an fáinne óir a chur i bhfolach ann.

Ar deireadh thiar, beidh muide i mBéal Feirste do oilithreacht na nGael, Oireachtas na Samhna. Is liosta le háireamh na hócáidí a bhíonn ar fáil don óige agus dóibh siúd nach bhfuil chomh hóg-ach an teacht aniar a bheinn ionat don chraic!