skip to main content

'Foghlaim fadsaoil atá i gceist le gach rud' Connolly

Labhair Catherine Connolly le Sláine Ní Chathalláin ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ RnaG mar gheall uirthi féin agus í ag stocaireacht do vótaí na ndaoine i gCorca Dhuibhne.

Ag caint ar an gcineál duine atá inti, deir sí go gceapann sí gur 'bean stuama, bean phraiticiúil le neart taithí taobh thiar dom'. Tá cúlra ilghnéitheach ag Connolly, le rólanna ar nós Teachta Dála neamhspleách, comhairleoir, síceolaí, mar mhúinteoir, mar abhchóide agus mar mháthair, ar an CV aici.

D'fhoghlaim Catherine an Ghaeilge agus a hathair mar spreagadh di ar a haistear teanga. Bhí Gaeilge na scoile aici go dtí gur thug sí faoi fhoghlaim na teanga go dáiríre sa bhliain 2004/5, a deir sí.

'foghlaim fad saoil atá i gceist le gach rud'

Ag caint ar an tuiscint atá aici ar na dúshláin atá roimh cheantair Ghaeltachta, deir sí go raibh sí ar camchuairt leis an gcomhchoiste Gaeilge timpeall na tíre agus gur aithin sí na fadhbanna a bhaineann le tithíocht, pleanáil agus easpa seirbhísí i nGaeilge i ngach Gaeltacht.

Catherine Connolly

Tá ag éirí thar cionn le feachtas digiteach Connolly ar na meáin shóisialta le breis agus 100k leantóir anois aici agus deir sí go bhfuil foireann iontach ag obair air sin ach go bhfuil an rath sin ag brath ar an bhfeachtas ar an talamh, ag cruthú caidrimh ceart le daoine.

Feiceann Catherine í féin mar ghuth láidir do chosmhuintir na tíre, muintir na Gaeltachta san áireamh.

Éist le An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ó mheánlae.