Labhair muid le Máire Zepf, údar do dhaoine óga agus ambasadóir do Irish Book Week na bliana seo faoina cuid scríbhneoireachta féin agus pobal na léitheoireachta Gaeilge.
Labhair liom faoi do ról mar ambasadóir do Irish Book Week?
Is ceiliúradh í Irish Book Week ar na siopaí iontacha a chuireann oiread ar fáil do léitheoirí na tíre seo. Cuirtear comhairle faoi leabhair, imeachtaí spreagúla agus cruthaítear sna siopaí seo, rud nach bhfaigheann muid ar líne. Creidim go bhfuil sé níos tábachtaí ná riamh na háiteanna seo a cheiliúradh agus is deis í an tseachtain seo le tacú leo. Beidh mise ag dul ar cuairt chuig cuid de na siopaí seo i rith na seachtaine seo (18-25 Deireadh Fómhair)le bualadh le cuid de na léitheoirí. Dár ndóigh, tá oidhreacht againn sa tír seo nuair a thagann sé chuig scéalaíocht agus cuireann Irish Book Week leis an oidhreacht sin.
Beidh aithne ag léitheoirí óga ar do chuid oibre ar leabhair do dhaoine óga. Cad a spreag tú le dul i mbun pinn an chéad lá?
Ag scriobh do dhaoine fásta a bhí mise ar dtús. Bhí mé ag conaí sa Ghearmáin agus an am agus mé ag tógáil clainne le Gaeilge ann. Iarradh orm colún a scríobh don iris An t-Ultach agus mhair an colún sin deich mbliana ar deireadh. Thug an scríbhneoireacht deis dom teacht ar ais chugam féin nuair a chaill mé mé féin sa mháithreachas. Bhínn ag léamh do mo chuid páistí féin istoíche nuair a thosaigh mé ag smaoineamh ar dhul i mbun pinn do dhaoine óga.
Cad iad na leabhair Éireannacha atá taobh na leapan, agatsa?
Bím ag léamh gach saghas leabhar, i bhfirínne, gearrscéalta, ficsean, leabhair neamhfhicsean agus filíocht freisin. Is breá liom meascán den ábhar trom agus ansin ábhar atá milis, ag brath ar an lá. Tá carn mór leabhar taobh na leapan agus cuirim ceist orm féin agus mé ag roghnú leabhar le léamh 'cár mhaith liom dul anocht, caidé atá de dhíth ormsa anois?'
Beidh Irish Book Week ar siúl ón 18-25 Deireadh Fómhair.