skip to main content

Nuacht TG4 ag tógáil céimeanna i dtreo an neamhspleáchais

Labhair Ardstiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin maoiniú breise a fuair TG4 sa cháinaisnéis agus straitéis agus fís an stáisiúin.

D'éirigh le TG4 ardú 9% a fháil sa cháinaisnéis, rud a chiallaíonn go bhfuil €65.4 milliún anois ag an stáisiún Gaeilge. Luaigh Ní Choistín go bhfuiltear ag súil le forbairt a dhéanamh ar sheirbhís nuachta an stáisiúin chomh maith le tuilleadh forbartha a dhéanamh do dhaoine óga ar cainéal na n-óg atá acu, TG4.

Faoi láthair, cuireann RTÉ seirbhís nuachta ar fáil do TG4 ó bunaíodh an stáisiún sa bhliain 1996. Tháinig sé chun solais i TdTuarascáil Choimisiún um Thodhchaí na Meán gur cheart go mbeadh TG4 in ann a seirbhís féin a reacháil ar mhaithe le 'iolrachas agus éagsúlacht', a deir Ní Choistín. Seo í an chéad chéim sa phróiséas seo sa chaoi 's go mbeidh ceannas eagarthóireachta ag TG4 agus go mbeidh an Nuacht faoi bhranda TG4.

Ag caint ar na dúshláin atá roimh sheirbhís nuachta TG4, luaigh Deirdre go bhfuil an lucht féachana ag titim mar gheall nach bhfaigheann siad scéalta le briseadh toisc go dtógann nuacht an Bhéarla tús áite orthu.

Rinneadh comhnascadh idir Nuacht TG4 agus Nuacht RTÉ sa bhliain 2009 agus creideann Deirdre go ndearna an socrú sin dochar do sheirbhís nuachta TG4 trí chéile.

Dúirt Ní Choistín go bhfuil na dúshláin seo pléite le RTÉ agus go bhfuil siad oscailte do cibé rud a chinnteoidh go bhfuil ceannaireacht eagarthóireachta ag TG4 ar a seirbhís nuachta féin.