Labhair Barry Heneghan T.D le Cearbhall Ó Síocháin faoina sheal ar chabhlachán Milad a thóg na hIosraelaigh agus iad ar an mbealach le cabhair a thabhairt do mhuintir na Palaistíne atá faoi ionsaí ag an IDF le dhá bhliain anuas go dtí gur glaodh sos cogaidh an tseachtain seo.

Bhí Barry san aerfort ag fanacht le Naoise Dolan, údar agus gníomhaí a thóg na hIosraelaigh a bhí ar an mbád céanna le Karen Dempsey.
Labhair Naoise le Tús Áite ar RTÉ RnaG inné faoina taithí féin le cúpla seachtain anuas.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Cé gur thóg an IDF Barry agus deir sé nár caitheadh go maith leis nuair a tharla sin, dúirt sé go raibh sé ag iarraidh an aird a dhíriú ar mhuintir na Palaistíne agus an tslí a bhfuil an Iosrael ag caitheadh leo siúd.