skip to main content

Na réaltaí is mó gan 'an réalta is mó'

Scríobhann Séamas Mac Eochaidh faoi na himreoirí atá ainmnithe do 2025 PwC GAA/GPA Gaelic Football All-Star agus iad siúd atá fágtha ar lár.

Tá an t-am sin den bhliain tagtha arís agus beidh na réaltaí ar an aer ar an 7 Samhain nuair a fhógrófar Sárimreoirí Peile na Bliana don bhliain 2025.

Ceathrar déag as cúigear déag nár bhuaigh gradam ‘Sárimreoir na Bliana’ riamh roimhe a thug leo duais anuraidh agus dá mbeadh an rogha ag muintir Ard Mhacha, is cúigear déag a bheadh i gceist agus Blaine Hughes fágtha ar an trá fholamh anuraidh gan tasc ná tuairisc ar an ainmniúchán nach bhfuair Stefan Campbell.

Cruthaíodh neart conspóide anuraidh nuair a bronnadh duais ar Niall Morgan cé nár éirigh le Tír Eoghain ceathrú ceannais na hÉireann a bhaint amach go fiú. Níltear ag maíomh nár thuill Morgan an duais (féach mar a d’imir sé sna cluichí ‘bosca gainimh’) ach is dócha gur léirigh sé an easpa tuisceana, nó soiléireachta go fiú, a bhaineann leis na duaiseanna seo.

Cad iad na critéir?

Cruthaítear conspóid bliain i ndiaidh bliana leis na gradaim seo, rud atá amhlaidh i spóirt eile. Cuir i gcás, an ‘Ballon d’Or’ ar bronnadh ar Osman Dembélé le déanaí a spreag comhrá níos leithne maidir leis an difear idir an t-imreoir is fearr agus an t-imreoir is fearr ar an fhoireann is fearr don bhliain.

Fógraíodh gearrliosta de 45 imreoir le déanaí do na gradaim ‘Sárimreoirí Peile na Bliana’ don bhliain 2025. Más cleas atá á imirt ag lucht eagrúcháin na ngradam seo ar mhaithe leis an ‘clicmhealladh’ nó ‘feargmhealladh’ go fiú, d’éirigh leo.

Cén fáth?

Ainmníodh deichniúr ó Dhún na nGall agus naonúr ó Chiarraí – an chéad uair ó 1996 nár ainmníodh tuilleadh imreoirí ó na buaiteoirí ná mar a ainmníodh ón fhoireann a chaill i gcluiche cheannais na hÉireann. Tá an chosúlacht ann le roinnt blianta anuas go roghnaítear an chuid is mó de na réaltaí/sárimreoirí seo ón dá chontae a imríonn sa chluiche ceannais.

2024: (11)– Ard Mhacha 6 Gaillimh 5

2023: (9) – Áth Cliath 5 agus Ciarraí 4

2022 (12) - Ciarraí 7 agus Gaillimh 5

Tá ceist le hardú, áfach, an sárimreoirí na bliana iad na himreoirí atá roghnaithe, nó an sárimreoirí na bliana ón cheithre fhoireann a imríonn ón chluiche leathcheannais ar aghaidh iad, agus duine nó beirt eile caite isteach? Is dócha go bhfuil ról le himirt ag an chlaonadh i dtreo na déanaíochta – más mó a fheiceann tú imreoir, más mó do mheas ar chumas agus ar chruthú an imreora sin. Cén seans atá ag Odhran Murdock ó chontae an Dúin i mbliana mar sin? Seans níos lú atá aige le Joe O’Connor ainmnithe ag lár na páirce gan aon dabht.

Ar chóir go mbeadh gabha ag déanamh bróg agus ionad luaite le himreoirí mar chuid den phróiseas ainmniúcháin? Fáth na ceiste sin? Is coincheap atá imithe in éag é ‘ionaid’ ar an pháirc pheile, fiú leis na rialacha úra i bhfeidhm, dar liom. Beidh éan corr i gcónaí ann leis an chóras ainmniúcháin mar atá, dar liom.

Ciarán Kilkenny

Ar mhaithe le conspóid eile a mhealladh, ar an ábhar nach bhfuil go leor conspóide ann faoi na duaiseanna seo cheana, shocraigh mé dúshlán a chur romham féin leis an fhoireann is fearr a roghnú d’imreoirí nár bronnadh duais mar ‘Sárimreoir na Bliana’ orthu, le linn mo chuimhne’se cibé...

Seo chugaibh ‘na réalta is mó gan ‘na réalta is mó’

  1. Shane Curran, Ros Comáin.
  2. Eamon Mac Aoidh, Dún na nGall.
  3. Gary Fahey, Gaillimh.
  4. Dessie Mone, Muineachán.
  5. Aaron Kernan, Ard Mhacha.
  6. Joe McMahon, Tír Eoghain.
  7. Patrick Kelly, Corcaigh.
  8. Gary Brennan, An Clár.
  9. John Galvin, Luimneach.
  10. Leighton Glynn, Cill Mhantáin.
  11. John McEntee, Ard Mhacha.
  12. Eoin Brosnan, Ciarraí.
  13. Michael Meehan, Gaillimh.
  14. Dara Ó Cinnéide, Ciarraí.
  15. Jason Sherlock, Ath Cliath.

‘Tá imreoirí ann nach bhfuil san ionad ceart...’ a deir tú...is cuma liom – sin cleas atá á imirt le blianta mar chuid de na gradaim féin chomh maith.

Ag machnamh ar 2025 arís eile, tuigim go bhfuil difear idir cumas agus cruthú ach ní dóigh liom féin go mbeidh liosta den 15 imreoir peile is fearr bunaithe ar do bharúil féin ag teacht leis an fhoireann a bheas roghnaithe ar an 7 Samhain, áfach. Beidh na himreoirí le roghnú ón dá fhoireann sa chluiche ceannais ar dtús, ansin cúpla imreoir eile ó na foirne sa chluiche leathcheannais agus má bhíonn ionad nó spás fágtha, imreoir nó dhó ó chontaetha eile. Is trua nach mbeidh spás fágtha d’Odhran Murdock mar is cinnte go mbeidh Joe O’Connor agus Michael Langan i lár na páirce. An mbeadh Odhran Murdock ar liosta s’agam féin den 15 imreoir contae is fearr atá feicthe agamsa féin i mbliana? Cinnte go mbeadh.

Faoiseamh a ‘gheobhadh sé’,

Seal beag gairid,

I measc a dhaoine,

Ar oileán mara le Jason Sherlock agus Dara Ó Cinnéide.

‘Sárimreoirí Peile na Bliana’ – ní shílim é.

Tá ainmniúcháin na bliana seo le feiceáil anseo.

Cé hiad na himreoirí peile is fearr nár éirigh leo duais a fháil mar ‘Sárimreoir na Bliana’ dar leat?