Léiríonn taighde nua le Conradh na Gaeilge gur thacaigh 9 as gach 10 freagróir leis an chomharthaíocht sráide dhátheangach ar shráideanna lasmuigh de scéim na Ceathrún Ghaeltachta i mBéal Feirste.
Tá taighde nua foilsithe ag Conradh na Gaeilge inniu Luan 13 Deireadh Fómhair a thugann briseadh síos ar an dóigh a mbíonn cónaitheoirí ag cur a dtuairimí maidir leis an comharthaíocht shráide in iúl thar an 536 sráid a ceadaíodh go dáta faoi pholasaí sráidainmneacha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste atá i bhfeidhm ó Dheireadh Fómhair 2022. Is iad seo na figiúir is úire dá bhfuil ar fáil.
Tagann an taighde seo roimh rún Tionóil a ndéanfar plé air inniu, Luan 13 Deireadh Fómhair. Is rún é atá á thabhairt chun tosaigh ag Comhaltaí de chuid an DUP le cur i gcoinne pholasaí sráidainmneacha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste (2022)
Tagann an taighde seo sna sáile ar an scéal go bhfuil bagairtí foréigeanacha ó dhílseoirí paraimílteacha faoin bpolasaí teanga atá faofa ag an gComhairle Cathrach i mBéal Feirste le déanaí.
Éist le Ciarán Mac Giolla Bhéin ag caint faoin ábhar ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anseo
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail, Líonra Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste:
"Dearbhaíonn na figiúir atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge inniu nach raibh ach mionlach beag bídeach, 2.9%, de na cónaitheoirí uilig thar 536 sráid a chuir i gcoinne na comharthaíochta dátheangaí fríd na suirbhéanna a rinneadh leo ó tháinig an polasaí úr i bhfeidhm. I gcodarsnacht leis sin, thacaigh naonúr as gach deichniúr cónaitheoirí a d’fhreagair an suirbhé thar na sráideanna sin uilig leis an chomharthaíocht dhátheangach. Bréagnaíonn an méid sin na gearáin fhad-bhunaithe atá déanta ag an DUP agus eile, atá ag maíomh le fada an lá go bhfuil freasúra ollmhór i gcoinne na Gaeilge mar chuid dá n-iarrachtaí an polasaí seo a chur ó mhaith. Níl aon bhunús leis an éileamh sin de réir na bhfigiúr úr seo. Léiríonn na staitisticí úra go bhfuil an líon daoine atá ag cur i gcoinne na comharthaíochta dátheangaí beag bídeach ar fad, agus ar 76% den 536 sráid a ceadaíodh, níor chuir oiread is cónaitheoir amháin i gcoinne. In áit a bheith ag cothú teannais agus easaontais, b’fhearr don DUP agus eile a gcuid ama agus fuinnimh a chaitheamh ag cur i bhfeidhm na gcoimitmintí atá ar a gcuid Airí i leith na Gaeilge, lena n-áirítear ceapadh an Choimisinéara Gaeilge agus cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, atá geallta sa dlí ó bh 2006 ann."