Is ar éigean go n-aithníonn mise mé féin sa scáthan na laethanta seo. Is ar éigean go n-aithníonn mo shaol, fiú.
Bíonn cuid mhór ráite agus scríofa faoin nóisean seafóideach atá ann go dtiocfaidh muid ar ais chugainn féin, go fisiciúil. Is féidir liomsa gáire a dhéanamh faoi sin mar go bhfuil gach cuid díom athraithe ó bhonn, go fisiciúil agus i ngach cuid eile dom féin.
Tá scaoilt chomh mór sin idir mo shaol sular tháinig mo chailín beag ar an saol agus an tréimhse ó shin nach mise an duine céanna, creidim.
Ag scrolláil tríd m'fhón ar na meáin shóisialta a bhí mé an lá eile nuair a thug mé faoi deara nach raibh rian dom le féiceáil ar mheáin shóisialta mo chairde agus iad ag féachaint siar ar an mí atá caite nó go leor míonna eile roimhe sin. Shílfeá nach ann dom níos mó. Baineadh steangadh asam agus níl 'fhios agam cén fáth mar tá 'fhios agam go maith nach bhfeicim iad agus dá réir, conas go mbeinn i ngrianghraif leo?
Mar sin féin, chuir sé mé ag machnamh faoi na nithe ar fad atá glanta amach ag an máithreachas. Liosta le háireamh, tá mise ag rá leat; saol sóisialta, deiseanna aclaíochta, spéis i gcúrsaí faisin, am le leabhair a léamh, dul chuig an bpictiúrlann, glaoch ar chairde, dul chuig an leithreas i m'aonar..
B'fhéidir nach bhfuil gach máthair mar a chéile agus go n-éiríonn leo iad féin a chaomhnú ar aistear an mháithreachais. Cosúil le go leor rudaí eile, tá 'fhios agam nár cheart dom comparáid a dhéanamh idir mise agus na máithreacha seo ach níl sé éasca.
Bhí cumha orm agus mé ag caoineadh mo shaoil mar a bhí go dtí gur thuig mé go bhfuil taobh fíordhearfach a bhaineann leis an ngortghlanadh seo. Tá dearmad déanta agam ar cuid mhór rudaí a chuirfeadh imní orm, níl an t-am nó an spás intinne agam le dianmhachnamh a dhéanamh ar nithe nach bhfuil tromchúiseach nó práinneach níos mó. Mairim anois ó lá go lá, go príomha. Baineadh an bhuairt faoi gach a bhí romham nó nach raibh bainte amach agam. Nuair atá páiste á thógáil agat, bíonn ort scaoileadh le nach mór gach rud eile sa saol agus ní drochrud é, ar uairibh.
Bhí mé féin agus í féin sa charr cúpla lá i ndiaidh mé a bheith uaigneach do mo sheanshaol, ise ag ceol léi féin, ag bualadh bos agus ag gáire. D'fhéach mé uirthi, meangadh gáire mór ar a haghaidh ag baint ard-suilt as mo chomhluadar agus sa nóiméad sin, b'fhiú gach rud atá imithe uaim toisc go bhfuil sise agam.