skip to main content

Airgead breise TG4 le dul i dtreo na nuachta agus daoine óga

Labhair Ardstiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin méadú ar mhaoiniú a fuair an stáisiún sa cháinaisnéis an tseachtain seo.

Fuair TG4 méadú 5.4 milliún sa cháinaisnéis an tseachtain seo, rud a thugann an maoiniú iomlán suas go €64.5 milliún don stáisiún Gaeilge.

Deir Deirdre Ní Choistín go dtugann an t-airgead breise seo deis do TG4 tabhairt faoi sheirbhís digiteach nuachta a chur ar fáil chomh maith le níos mó ábhar a chur ar fáil do dhaoine óga.

TG4 presenters with TG4 DG Deirdre Ní Choistín in Dublin's Light House Cinema

Labhair Ní Choistín freisin faoin suirbhé a chur Tús Áite ar fáil maidir leis an meáin Ghaeilge a léiríonn go bhfuil an pobal sásta leis an obair atá ar siúl acu. Luaigh Ní Choistín gur tháinig suirbhé RedC leis an méid atá sa suirbhé a chur Tús Áite timpeall go bhfuil an branda atá ag TG4 an-láidir i measc na hÉireann.

Ghlac Deirdre leis an gcáineadh a bhí sa suirbhé agus rannpháirtithe ag fáil locht ar nuacht agus cúrsaí reatha ar TG4. Deir sí go bhfuil suim thar cuímse ag pobal na Gaeilge i nuacht agus cúrsaí reatha agus go bhfuil bearnaí sa soláthar nuachta atá ag an stáisiún. Cuirfear an t-airgead breise atá faighte ag an stáisiun i dtreo chúrsaí reatha a fhás agus a fhorbairt sa bhliain atá romhainn, a deir sí.

Beidh suirbhé Tús Áite faoin na meáin Ghaeilge beo le linn mí Deireadh Fómhair. Is féidir páirt a ghlacadh ann anseo

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.