skip to main content

Cad a bhí sa cháinaisnéis don Ghaeilge?

Anois go bhfuil an cháinaisnéis ar fáil dúinn uilig, tá eagraíochtaí Gaeilge ag féachaint ar a raibh ann dóibh agus iad ag pleanáil don bhliain atá romhainn.

€2 milliún sa bhreis d'Fhoras na Gaeilge

Chuir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn fáilte roimh an bhfógra go mbeidh €2 milliún ar fáil in 2026 le haghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí maoinithe Fhoras na Gaeilge. Ag fáiltiú roimh an bhfógra sna Meastacháin Cháinaisnéise dúirt sé, "Léiríonn an méadú suntasach ar mhaoiniú don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sna meastacháin cháinaisnéise tiomantas an Aire Calleary, agus an tábhacht a bhaineann le hAire Sinsearach a bheith ag plé leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ag bord an Rialtais".

De réir mar atá fógartha ag an Roinn Forbartha Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, beidh €2 milliún á chur ar fáil ag an Roinn le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí maoinithe stairiúla atá ag Foras na Gaeilge ag dul siar go 2008.

€5.4 milliún sa bhreis do TG4

Tá fáilte curtha ag TG4 roimh fhógra an Rialtais sa Bhuiséad go mbeidh méadú mór ar bhuiséad bliantúil TG4 in 2026.

Tá méadú €5.4m ceadaithe ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt do TG4 chun ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán, cláir do pháistí agus seirbhísí nuachta níos leithne a chinntiú. Is ionann sin agus méadú 9% ar mhaoiniú TG4 ón Státchiste don bhliain seo chugainn. Is é seo an dara méadú is mó atá faighte ag TG4 ón Státchiste le roinnt blianta anuas. Cuireadh maoiniú €7.3m ar fáil do TG4 i mBuiséad 2023 chun tús a chur leis an gcainéal nua do pháistí Cúla4. Beidh deontas iomlán €65.4m ar fáil do TG4 in 2026

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín fáilte roimh an mBuiséad inniu ag rá "Tá mé an-bhuíoch den Aire O'Donovan agus dá fheidhmeannaigh agus den Rialtas nua as an tacaíocht fhlaithiúil seo do TG4 in 2026, ach tá mé buíoch go háirithe don aitheantas atá tugtha do sheirbhísí nuachta níos leithne a chur ar fáil. Thug an tAire cuairt ar Cheannáras TG4 sa Samhradh go gairid tar éis dó tús a chur lena théarma. Táimid faoi chomaoin aige as an am a chaith sé ag cur aithne orainn agus as an tsuim a léirigh sé i dtosaíochtaí straitéise TG4, san obair a dhéantar sa gCeannáras i mBaile na hAbhann agus an bonn atá á chur ag TG4 faoi earnáil na léiriúchán neamhspleách.

Deirdre Ni Choistin Ard-Stiurthoir DG TG4
Deirdre Ní Choistín Ard-Stiúrthóir TG4

Ag labhairt faoi Cháinaisnéis 2026, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Is toradh díreach ar dhíograis agus ar obair thiomanta na ngrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre atá an dul chun cinn seo le feiceáil i mbliana. D'oibrigh eagraíochtaí pobail agus gníomhaithe teanga le chéile i rith na bliana chun troid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus léirigh siad an chumhacht atá sa phobal nuair a sheasaimid le chéile ar aon ghuth.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ó Theach Laighean, Lá na Cáinaisnéise

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Mar sin féin, tá fadhbanna móra fós ann, go háirithe maidir leis an socrú maoinithe thuaidh theas d’Fhoras na Gaeilge. Mura ndéantar an struchtúr mhaoinithe seo a leasú, beidh Foras na Gaeilge iomlán srianta ó thaobh na tacaíochta atá de dhíth air, agus beidh na grúpaí teanga thíos leis sin i gcónaí. Chomh maith leis sin, is gá tosaíocht ollmhór a dhéanamh den ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Leanfar leis an fheachtas le cothrom na Féinne a bhaint amach do mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta sa todhchaí agus chuige sin beimid ag teacht le chéile ag an Oireachtas leis an cháinaisnéis seo agus eile a phlé agus gníomhartha a aontú."