skip to main content

Bagairtí foréigeanacha ó dhílseoirí paraimílteacha faoin nGaeilge

Labhair Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin imní mhór léirithe ag Ceannairí na bPáirtithe ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus Conradh na Gaeilge faoi bhagairtí a d'fhéadfadh a bheith ann ó dhílseoirí paraimíleata orthu siúd a thacaíonn leis an nGaeilge.

Mhínigh Mac Giolla Bhéin gur tháinig na bagairtí seo chun solais ag an deireadh seachtaine i dtuairisc a bhí le feiceáil sa nuachtán The Sunday Life. Tuairiscíodh ann go raibh an UVF agus an UDA tagtha le chéile le bagairtí foréigeanacha a fhógairt orthu siúd a thacaigh leis an nGaeilge. Le comhthéacs a thabhairt den scéal, dúirt Mac Giolla Bhéin gur éirigh le polasaí maidir leis an nGaeilge dul tríd an gComhairle Cathrach agus nach raibh an dá ghrúpa sásta leis an scéal seo.

"iarracht choinsiasach seo le imeaglú a dhéanamh ar an Chomhairle, ar an chóras polaitiúil agus ar an chóras daonlathach agus caithfidh muid seasamh go tréan i gcoinne sin."

Tá litir curtha le chéile ag an gComhairle Cathrach ag seasamh i gcoinne na mbagairtí seo ach is ábhar imní agus díomá é nár shínigh an DUP nó an UUP an litir seo, a deir Mac Giolla Bhéin.

Postaer_CEARTA_4x5_Leagan_Gaeilge

Luaigh Ciarán gur ceist iontach dáiríre agus tá go leor daoine iontach buartha faoi seo. Beidh Oireachtas na Gaeilge ar siúl sa chathair níos déanaí sa mhí seo agus na mílte Gael ag súil le bheith i láthair agus deir Mac Giolla Bhéin nár cheart go mbeadh na daoine seo buartha faoin nGaeilge a labhairt os ard ar shráideanna Bhéal Feirste. Dúirt sé gur mionlach fíorbheag iad na daoine seo atá ag bagairt ar Ghaeilgeoirí ach mar sin féin go bhfuil freagra láidir ag teastáil ó na páirtithe uilig ar an gceist.

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.