skip to main content

Irish language Scholarships for Intercounty GAA Players

Clár Ceannródaíoch na Scoláireachtaí Gaeilge á chur ar fáil arís d'Imreoirí Idirchontae ag Gaelchultúr, Cumann Lúthchleas Gael agus Cumann Imreoirí Gael

For the second year, 100 Irish language scholarships are being made available for intercounty GAA and GPA players.

According to the results of a national study undertaken by Gaelchultúr with Amárach research, 66% of adults regret not having better spoken Irish and 74% of people said they would like to improve their Irish language skills. 73% of those who took part in the study said they thought the Irish language was an integral part of the Irish identity and 70% of them thought the Irish culture would be worse off without it.

The results of this study are part of the reason why these scholarships are being afforded to intercounty GAA players. Following the success of the first year of this pioneering programme, Gaelchultúr and the GAA and the GPA have come together again to support the efforts of those who wish to learn and use more Irish in their clubs and in their communities.

De réir torthaí ó staidéar náisiúnta a rinne Gaelchultúr i gcomhar le Amárach Research le déanaí, tá aiféala ar 66% de dhaoine fásta nach bhfuil Gaeilge labhartha níos fearr acu agus dúirt beagnach trí cheathrú díobh (74%) gur mhaith leo feabhas a chur ar a gcumas sa teanga. Chomh maith leis sin, d'aontaigh 73% de na freagróirí go bhfuil an teanga riachtanach d’fhéiniúlacht náisiúnta na tíre agus chreid 70% acu go mbeadh cultúr na hÉireann ní ba bhoichte gan í.

Donegal , Ireland - 22 February 2025; Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Jarlath Burns during day two of the GAA Congress at The Abbey Hotel in Donegal. (Photo By Ramsey Cardy/Sportsfile via Getty Images)
Jarlath Burns, Uachtarán CLG

Seoladh an tionscnamh seo in 2024, le tacaíocht ón gCumann Camógaíochta agus Peil na mBan freisin, agus mheall sé go leor imreoirí ar fud na tíre. Agus an clár seo á eagrú arís i mbliana, is léir go bhfuil fonn ar scoth-lúthchleasaithe a gcuid Gaeilge a neartú agus go bhfuil níos mó aitheantais á thabhairt don ról lárnach atá ag an nGaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Agus é ag labhairt faoin scéim, dúirt Jarlath Burns, Uachtarán CLG:

'Léiríonn an chomhpháirtíocht seo an nasc domhain agus buan atá idir ár gcluichí agus ár dteanga náisiúnta. Is léir ón mhóréileamh ar an chlár anuraidh go bhfuil fíorspéis i measc ár n-imreoirí sa Ghaeilge. Spreagann ár n-imreoirí daoine de gach aois, agus tríd an teanga a chothú ar an bhealach seo, léiríonn siad nach cuid dár n-oidhreacht amháin í an Ghaeilge, ach fórsa beo i saol spóirt agus pobail na tíre'.

Faigh amach níos mó faoin gclár scoláireachtaí seo anseo