skip to main content

Lá na Cáinaisnéise ar RTÉ RnaG

Overhead view of young Asian woman managing personal banking and finance at home. Planning budget and calculating expenses while checking her bills with calculator. Managing taxes and financial bills. Home budgeting. Concept of finance and economy

Inniu Lá na Cáinaisnéise agus beidh clúdach cuimsitheach ó phainéal anailíse agus polaiteoirí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le léargas a thabhairt ar a bhfuil romhainn.

Is í Máirín Ní Ghadhra a chuirfidh an clár i láthair ó 1.35pm agus ar an bpainéal anailíse, beidh Áine Ní Chiaráin, iriseoir agus craoltóir, Deirdre Ní Mhaoláin, Comhairleoir Cánach, Seán Ó Riain Ollamh Socheolaíochta in Ollscoil Mhaigh Nuad (iar chomhalta den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, Ciarán Mac an Bhaird: Ceannasaí Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitiúil RnaG

Máirín Ní Ghadhra

Beidh polaiteoirí éagsúla ar an gclár freisin chun miondealú a dhéanamh ar an méid a thiocfaidh chun solais sa gcáinaisnéis.

Clár na Cáinaisnéise, Dé Máirt, 7 Deireadh Fómhair ag 1.35pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta