skip to main content

Marbh ag Caife agus Marbh gan é

Scríobhann ár gcolúnaí faoi na nósanna atá acu caife láidir a bheith ina ghlac ó mhaidin go hoíche agus iad ag dul i ngleic le cúraimí an tsaoil.

Ní cat mór tae mé, ach cuir aon saghas caife i mo lámh, agus ólfaidh mé siar le sop é! Ní dóigh liom go bhfaca mé aon duine ag ól caife, go dtí go bhfaca mé Rachel, Ross agus na cairde ar fad ag ól 'Grande'-anna ar tholg an Central Perk sna nóchaidí. Bhí mé féin san ollscoil nuair a thosaigh mé ag ól bhuicéid mhóra ‘Jó’ don chéad uair agus bhraith mé ana-sofaisticiúil ag casadh mo dhroim leis an gcupán tae traidisiúnta lenar tógadh mé. Is cosúil go bhfuil an tae tréigthe ag go leor daoine anois. Tá taephotaí na tíre ag bailiú smúite agus muid ar fad ag slogadh siar caife agus an dúil sa tae laghdaithe go mór.

Tír gan tae, tír gan anam, ach is tír le caife anois muid is cinnte agus ár gcaife féin, an ‘Caife Gaelach’ againn fiú. Is cuimhin liom mo sheanathair ag trácht ar an mbréag-chaifé siocaire a bhí timpeall le linn a óige agus ‘an deoch Camp nach dtabharfá do do namhaid’ dar leis, de bharr an droch-bhlas a bhí air. Seans go bhfuil baint ag an mblas a bhí ar an mbréag-chaife seo fadó agus teacht an Caife Gaelach ar an saol b’fhéidir, toisc nach bhféadtaí an caife sin a ól gan rud éigin (nó go leor rudaí; uisce beatha, uachtar, siúcra) a chur leis, chun daoine a mhealladh chun é a ól. Ní bhíonn an mealladh ag teastáil uaimse, chun aon saghas caife a ól, mise á rá leat. Táim go hiomlán tugtha don stuif.

Cat 's A Crainn Muireann Ní Chíobháin

Tá an cheist curtha agam orm féin le déanaí agus na cosa ag preabadh sa leaba, an croí ag bualadh agus mo liosta mór ‘Caithfidh mé’-eanna ag damhsa trasna mo shúile agus mé ag iarraidh dul a chodladh san oíche - an bhfuil an iomarca caife á ól agam? Ní raibh codladh sámh agam ó circa 2019 agus tá sé ráite ag madra an tí cúpla uair gurb ‘iad na cupáin caife ar fad atá ag cur isteach ar an gcodladh (ní an srannadh ar nós béar mór, siar ó thuaidh i gcodladh mór an gheimhridh a bhíonn taobh liom abair, ach sin scéal eile!). A leithéid de líomhain! Agus pé scéal é, conas go bhféadfainn maireachtáil gan é? (an caife dar ndóigh, ní an madra xxx). Ní fhéadfainn éirí as an gcaife. Tugann sé struchtúr don lá. Ceann beag sa leaba, ceann i gcupán don turas go dtí an scoil. Ceann don deasc. Braon te ag 11. Espresso beag ag a 4 chun fuinneamh a thabhairt do am dinnéir agus uair na caillí a leanann roimh am codlata na leanaí. Thar fóir meas tú? Bhuel, chuir duine de mo chóisir óg ar mo shúile dom gurb ea le déanaí.

Bhí mé ag an gcuntar sa chaifé aitiúil agus ní raibh orm fiú m’ordú a rá. ‘Americano, is it?’ arsa an barista agus cupán beag tarrthála á ullmhú aige.

‘An ‘mericano tusa a mhamaí?’ arsa duine de mo bheirt óg a bhí taobh liom. Seans dá ndéanfaí scrúdú fola orm an lá sin go raibh an ceart aige; 90% caife ar a laghad, 10% seampú tirim.

‘Ní americano mise. Is Éireannach mé! Sin ainm an caife a ólaim’ a dúirt mé.

‘Níl tú ‘merican ar nós Donald Trumpet? Ach is BREÁ leat caifé ‘merican. An bhfuil cead agamsa caife ‘merican?’ a d’iarr sé, ‘An bhfuil sé blasta?’.

‘Níl cead. Is do dhaoine fásta é. Níl an blas deas’ arsa mise. ‘Agus níl sé go maith duit.’ (Seo an cineál luas smaointe agus cainte a bhíonn agat agus tú tugtha don caife, bíodh a fhios agat!).

‘Ná ól é mar sin, a mhamaí!’ ar sé, go ciallmhar.

Agus an ceart ar fad aige! Ach an chúis go raibh caife uaim ag a cúig tráthnóna dé hAoine ná bhí rang snámha le cur dínn (Ifreann te, tais seachtainiúil an tuismitheora) agus níos measa fós (maith dom é!) cóisir breithlá ansin. Bhí an caife ag teastáil go géar, mar sin chaith mé siar an americano céanna agus away linn.

Nuair a síneadh muga eile caife chugam ag an gcóisir breithlá glórmhar, gan dabht ghlac mé leis go fonnmhar ach nuair a chas mé mo dhroim ar feadh nóiméad agus thapaigh phiscínó an cappuccino beag fiosrach an deis.

 An Cat agus An Crainn Muireann Ní Chíobhain

‘Eh, is dóigh liom go bhfuil do mhaicín tar éis do mhuga caife a ól…’ arsa bean buartha in aice liom.

Ná habair! Bhí an ceart aici, ach céard a bhí le déanamh? Bhí sé ró-dhéanach. Bhí an créatúr lán-chaife tar éis plaic a bhaint ón gcáca breithlá gan na coinnle a bheith lasta go fóill agus nuair a d’aimsigh mé é, bhí sé i mbun Banksy beag ar an mballa bán le marcóir! (níos measa fós, ba liomsa an Sharpí agus ó mo mhála a fuair sé é!). Las m’aghaidh le náire agus gach súil sa seomra orm. Bás ar an spota, nó teitheadh? Ghabh mé céad míle leithscéal agus thug mé gach gealladh chun íoc as an nglanadh/ath-phéinteáil.

Ní raibh ciall ar bith le baint as an tornádó beag don chuid eile den tráthnóna agus bhí sé fós ag preabadh ar a leaba ag mean oíche ag rá ‘tá weird feeling orm, tá mé fizzy!’. Chun an fhírinne a rá, bhraith mé féin mar an gcéanna agus mé ‘wired ach tired’. Ní dhearna an caife aon mhaitheas don bheirt againn seachas an tuirse a chuir ar an méar fhada. Bhí fuinneamh leictreach áirithe ionainn beirt agus muid ag luí sa leaba taobh le taobh agus ár gcosa ag damhsa seite. Rith sé liom (i measc scata smaoineamh eile a bhí ag rince i mo cheann freisin), an bhfuilimid ar fad imithe i dtaithí ar a bheith ag réabadh timpeall agus fuadar caiféine fúinn?

An nóiméad atá leanbh agat, fágann tú slán le codladh agus cuirtear buicéad caife i do lámh. Tá T-léinte le manaí éagsúla gach áit ar nós ‘I run on Coffee’, ‘Tired Mom/Dad Coffee Club’, ‘No Espresso = Depresso’. Ach, an mbeadh sé níos fearr géilleadh don tuirse? Dul a chodladh luath? Gan spreagthach láidir a dhoirteadh isteach i gcupán chun an tuirse a cheilt an t-am ar fad?

Ar deireadh thiar thall, thit codladh ar phiscíno an cappuccino, agus crónán codlata gleoite aige. Agus maidir leis an gcat seo, táim fós i mo shuí anseo, ag scríobh seo chugatsa agus ag súil go ngéillfidh mé don tuirse…uair éigin i 2040 is cosúil leis an méid caife atá i mo chuislí. Tosóidh mé m’aistear Decaf amárach, a chara. Las coinneal dom!

Le gach dea-rún

An Cat ‘s a Cóisir