`Ghlac Manchán páirt sa tsraith scríbhneoireachta Aistí ón Aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a craoladh i mí Lúnasa 2024. Scríobh sé aiste álainn faoin bhfaoiseamh a thug Bailiúchán na Scol dó, ábhar béaloidis a bhailigh páistí bunscoile sna 30í in Éirinn.
Is léir ón aiste seo chomh maith le saotharveile de chuid an chraoltóra agus an scríbhneora an dúspéis a bhí aige don Ghaeilge agus do chultúr na hÉireann trí chéile. D'oscail Manchán doirse do go leor don Ghaeilge agus d'oidhreacht chultúrtha na tíre tríd a chuid scríbhínní, seóanna beo, podchraoltaí agus cláracha telefíse.
Thuig Manchan an tábhacht a bhain le caomhnú agus ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga agus ar dhúchas na hÉireann. Cuimhneofar air mar fhear léinn a roinn a shamhlaíocht agus a intleacht go fial le daoine eile.
Suaimheas síoraí dó agus ceol na n-aingeal go gcloise sé.