skip to main content

Breandán de Gallaí: Dance Master

Rinceoir a bhain clú agus cáil amach le linn tréimhse Riverdance is ea de Gallaí. Ó shin i leith, tá sé ag forbairt a stíl féin agus ag tabhairt dúshlán don traidisiún.

Is clár faisnéise é Dance Master a thugann léargas cruinn ar an damhsóir agus ar an chóiréagrafaí Breandán de Gallaí, fear a bhfuil a shaothar sáite sa traidisiún agus sa nuálaíocht araon.

Taifeadadh an clár thar bhliain agus leanann sé cur chuige ealaíne de Gallaí agus é i mbun cleachtaidh agus léirithe. Tugtar sinn ar ais chuig tús a ghairme, dílis do thraidisiún an damhsa Ghaelaigh, agus léirítear an t-athrú ollmhór atá tagtha ar an ealaín ó shin. Ó shaol struchtúrtha na gcomórtas damhsa go feiniméan domhanda Riverdance, agus anois mar ealaíontóir agus mar scoláire ag fiosrú féidearthachtaí nua, léiríonn saothar de Gallaí macántacht annamh ar an stáitse agus ar an scáileán.

Ag déanamh tagairt don chlár, dúirt Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge: "Is cúis atháis don Chiste Craoltóireachta Gaeilge tacú leis an scannán cumhachtach agus ionraic seo. Léiríonn an scannán seo an ról suntasach agus tábhachtach atá ag Breandán de Gallaí i bhforbairt agus i gcur chun cinn an damhsa Gaelach, mar dhamhsóir, mar chóiréagrafaí agus mar mhúinteoir."

Dúirt Anne Sterling, Léiritheoir Feidhmiúcháin le Pounce Pictures: "Is é an Dr Breandán de Gallaí, iar-phríomh-dhamhsóir le Riverdance agus cóiréagrafaí, atá ag brú theorainneacha an damhsa Ghaelaigh i saothar mothúchánach nua in ómós dá pháirtí nach maireann. Is ealaíontóir uathúil cumasach é a bhfuil máistreacht bainte amach aige ar a cheird, agus is féidir leis anois cur leis agus athmhúnlú a dhéanamh ar stór an damhsa Ghaelaigh le taithí agus mothúchán a chur in iúl."

Dance Master offers an insightful portrait of Breandán de Gallaí, tracing his evolution from traditional dancer to choreographer unafraid to challenge convention. A quiet, powerful exploration of identity, artistry, and Irish cultural expression.

Dance Master is a documentary portrait of Irish dancer and choreographer Breandán de Gallaí, whose work sits at the intersection of tradition and transformation.

Filmed over the course of a year, the documentary follows de Gallaí's artistic process rehearsing, performing and reflecting both on early-life spent inside the boundaries of Irish dance and the evolution of dance norms in 2025. From the structured world of competitive Irish dancing to the global phenomenon of Riverdance, and now as a leading dance artist and scholar questioning what Irish dance can be, de Gallaí brings a rare honesty to the stage and the screen.

Set against the backdrop of Ireland’s shifting cultural landscape, Dance Master explores how movement can hold memory, identity, and meaning — and what happens when an artist begins to question the rules that once defined him.

Dance Master anocht, Déardaoin ag 10.15pm ar RTÉ ONE