Cad é do mheas ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tuairisc, An Páipéar, Seachtain agus na meáin Ghaeilge eile?
Agus tuarascáil faoin athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge le cur faoi bhráid Choimisiún na Meán an mhí seo (mí Deireadh Fómhair) tá Tús Áite ag tabhairt deis dá n-éisteoirí a dtuairimi fhéin a nochtadh faoi na meáin Ghaeilge.
Tá an clár ag tabhairt cuireadh don phobal suirbhé simplí ar-líne a chomhlíonadh faoi na meáin Ghaeilge. Beidh deis ag rannpháirtithe a rá cén meáin Ghaeilge a mbaineann siad leas astu go rialta agus cad a cheapann siad faoi na meáin sin. Tá na meáin chraolta ar nós TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, na meáin ar line ar nós Tuairisc agus Nós, agus na meáin chlóiste ar nós An Páipéar agus Comhar san áireamh sa suirbhé.
Bronnadh an conradh chun athbhreithniú a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge ar Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath anuraidh agus is í an tOllamh Regina Uí Chollatáin atá stiúradh. Leagfar amach moltaí sa tuarascáil faoi conas feabhas a chur ar na meáin Ghaeilge. Táthar ag súil go bhfoiliseofar an tuarascáil go luath tar éis dó a bheith curtha faoi bhráid Choimisiún na Meán.
Beidh suirbhé Tús Áite faoin na meáin Ghaeilge beo le linn mí Deireadh Fómhair. Is féidir páirt a ghlacadh ann anseo