skip to main content

Súile an domhain ar Bhaile Átha Cliath don chluiche NFL

Caitheann Cian Ó Griallais súil ar an gcluiche NFL agus an cultúr a bhaineann leis atá ar siúl san ardchathair an deireadh seachtaine seo.

Is minic go mbíodh súile na tíre dírithe ar Pháirc an Chrócaigh i Meán Fómhair, ach ní minic gur tharraing an cluiche ard chomh is mór is a dtarraingeoidh cluiche an deireadh seachtaine seo.

Mar thír, an ócáid spóirt ba mhó a tharraing ard domhanda ná b'fhéidir an Ryder Cup a reáchtáladh i 2006. Ar an Domhnach beidh ceann de na hócáidí spóirt ba mhó a ndeachaigh chun páirce ar an oileán seo riamh agus an NFL, nó peil Mheiriceánach dóibh siúd nach leanann, ag teacht go Baile Átha Cliath..

Tá an NFL ag iarraidh a dtáirge a scaipeadh níos faide i gcéin ná tuaisceart Mheiriceá. Imríodh cluichí i dtrí chathair sa nGearmáin, i Londain, i Meicsiceo agus sa mBrasaíl. I mbliana áfach is seans na hÉireann atá ann an cluiche a léiriú don domhan mór agus bís ar an bpobal mór na hÉireann a leanann an NFL go seachtainiúil. Tá Baile Átha Cliath agus an Staid Aviva tar éis cluichí coláistí a chur chun páirce le roinnt blianta anuas ach tá cluiche an Domhnaigh idir na Pittsburgh Steelers agus na Minnesota Vikings i bhfad níos mó agus i bhfad níos tábhachtaí.

Anois cé gur cathair Lochlannach í Baile Átha Cliath is iad Pittsburgh a bheidh mar an 'fhoireann bhaile’ go teicniúil agus go meafarach. Tá ceangal láidir idir úinéirí na foirne, muintir Rooney, agus Éire. Ba as an tIúr i gContae an Dúin dá sinsir agus déantar an nasc sin a cheiliúradh go croíúil. Thug muintir Rooney an fhoireann anseo ar chamchuairt sular thosaigh an séasúr i 1997 agus d’imir siad cluiche réamhshéasúr i bPáirc an Chrócaigh fiú. Ceapadh Dan Rooney mar ambasadóir d’Éirinn le linn Uachtaránacht Obama de bharr dlúthnasc Rooney leis an tír. Nuair a tugadh le fios go raibh cluiche le bheith in Éirinn i mbliana, i súile lucht leanta NFL anseo, bhí a fhios acu go mbeadh na Steelers bainteach leis.

Is iad na Steelers ceann de na foirne is rathúla san NFL. Tá 6 cinn de chraobh nó ‘Super Bowls’ buaite acu agus chaith cuid de na laochra ba mhó agus na carachtair ba cháiliúla i stair an NFL an geansaí dubh agus buí. Imreoirí ar nós Terry Bradsaw, Rod Woodson, Jerome ‘The Bus’ Bettis agus eile. Ní raibh ach dhá shéasúr caite ag bainisteoir reatha na foirne Mike Tomlin leis an bhfoireann nuair a bhuaigh siad a gcraobh dheireanach i bhFeabhra 2009. Tá go leor athraithe sa NFL ó shin ach i Pittsburgh, ní athraíonn rudaí rósciobtha. Ón mbliain 1969, níl ach triúr tar éis a bheith mar bhainisteoir ar an bhfoireann. Le linn an tréimhse céanna ceapadh cúigear Pápa nua.

Cinnte is foireann iad na Steelers lena bhféiniúlacht féin. Go stairiúil bhídís láidir sa gcosaint agus d’úsáid siad imreoirí móra láidre, ar nós ‘The Bus’ Betis, chun an liathróid a rith suas an pháirc. Ní féidir é sin a rá fúthu i mbliana agus Jalen Warren ag streachailt neart a bhailiú dá fheachtas. Cé go bhfuil péire as trí chluiche buaite acu is ag brath ar imirt Aaron Rogers atá siad. Tá cáil ar Aaron Rogers, fear bliain agus dhá scór, mar gur bhuaigh sé craobh i Green Bay. Tá taithí cinnte aige agus ba bhreá leis a léiriú go bhfuil draíocht fágtha ina lámh fós. Tá imreoirí eile iontacha acu ar nós DK Metcalf a léirigh an tseachtain seo caite go bhfuil splanc fós ann. Ábhar dóchais chomh maith dá lucht leanta ná gur éirigh lena gcosaint an liathróid a bhaint cúige uaire óna Patriots an tseachtain seo caite.

MINNEAPOLIS, MINNESOTA - SEPTEMBER 21: Carson Wentz #11 of the Minnesota Vikings throws a pass against the Cincinnati Bengals during the third quarter at U.S. Bank Stadium on September 21, 2025 in Minneapolis, Minnesota. (Photo by Adam Bettcher/Getty Images)

Is scéal difriúil é scéal na Vikings. Níl aon Super Bowl buaite acu agus cé go raibh tréimhsí rathúla acu, ní fhéadfá a rá go raibh féiniúlacht láidir acu. Le linn ré Daunte Culpepper agus Randy Moss, mar shampla, b’fhoireann spleodrach iad tríd an aer ach, le linn ré Adrian Peterson lig siad dá chosa slata móra a bhaint amach. Ábhar spéise do go leor i mbliana ná a mbainistiú foirne.

Tar éis bliain iontach anuraidh, a tháinig aniar aduaidh ar go leor, scaoil siad leis an Quarterback (an t-imreoir ionsaí ba thábhachtaí ar aon fhoireann) Sam Darnold chun seans a thabhairt don ógánach JJ McCarthy. Gortaíodh McCarthy sa dara cluiche den séasúr seo áfach agus beidh Carson Wentz anois mar cheannaire i bPáirc an Chrócaigh. Tá réalta mhór amháin ag na Vikings a sheasfá sa sneachta ag breathnú air, agus sin é Justin Jefferson. Duine de na Receivers (an dream a bheireann ar an liathróid ón Quarterback) is fearr sa NFL agus beidh ar na Steelers a bheith réidh dó nó d’fhéadfadh sé scrios a dhéanamh.

Níl ach trí chluiche imeartha ag an dá fhoireann, péire buaite ag an dá fhoireann, ach cinnte is cluiche ollmhór é seo don dá dream. Tá difríocht ollmhór idir 3-1 (trí chluiche buaite agus ceann caillte) agus 2-2 (dhá chluiche buaite agus péire caillte). Le bua do na Steelers tosóidh feachtas Rogers ag bailiú nirt. Tá an taithí ag Tomlin agus Rogers chun foireann a thabhairt ag na babhtaí craoibhe, na Playoffs. Ach má bhuailtear iad is féidir le brionglóidí agus mianta na foirne imeacht le fána an-éasca. Le bua do na Vikings, lena gcosaint agus leis an méid a bhí acu anuraidh, bheifeá ag ceapadh go mbeadh an dóthain acu chun a bheith sna babhtaí craoibhe arís ach is minic nach mar a shíltear a bhítear sa NFL.

Sílim go dtabharfaidh Baile Átha Cliath rud speisialta don chluiche idirnáisiúnta seo nach bhfaighfeá i gcathracha eile na hEorpa. Is cathair bheag í agus beidh sé éasca atmaisféar bríomhar a chothú i measc an dá lucht tacaíochta.

Tá neart go lucht leanta na Steelers anseo, tá club tacaíochta acu fiú agus bí cinnte go bhfuil neart don 75,000 ticéad i seilbh a mball. Bí cinnte chomh maith go bhfuil neart ón dá fhoireann tar éis an turas trasna an Atlantaigh a thabhairt orthu féin le bheith anseo don chluiche. Tá imeachtaí ar leith pleanáilte dóibh siúd atá ag dul ag an gcluiche agus dóibh siúd nach raibh an t-ádh orthu ticéid a fháil chun fíor eispéireas NFL a chruthú. Fiú mura bhfuil ticéad agat, b'fhiú teacht chun a bheith mar chuid den ócáid.

Pé toradh ar an gcluiche ag an deireadh seachtaine, beidh súile an domhain dírithe ar Bhaile Átha Cliath agus ar cheannáras an CLG. Beidh an ardchathair lán le lucht leanta an NFL ón tír seo, tíortha na hEorpa, agus tuaisceart Mheiriceá. Tá seans againn a léiriú arís gur féidir le hÉirinn an bheith mar stáitse do na hócáidí spóirt ba mhó ar domhain. Dóibh siúd a bhfuil ticéid acu, beidh siad mar chuid do stair spóirt na tíre seo, rud nach féidir a rá rómhinic.