skip to main content

Ceachtanna, cosaint agus mo chailín beag

Scríobhann Siún Ní Dhuinn mar gheall ar na ceachtanna atá foghlamtha aicise óna páiste féin, go nuige seo.

Feimineach mise ariamh, duine a chreid nach bhfuair mná na tíre seo (agus timpeall an domhain) cothrom na féinne. Cailín óg mise a d'fhás aníos sna 90í tráth a raibh an tír seo fós faoi thionchar na hEaglaise Caitlicí agus an rian a d'fhág sé ar an sochaí. Ní go dtí go raibh mé níos sine gur thuig mé an oiread brú a bhí ormsa agus cailíní agus mná i gcoitinne cloí leis na nithe a raibh an saol ag súil leis uatha.

Nuair a tháinig mo chailín beag ar an saol, bhí mé ar bís iníon a bheith agam. Gheall mé go dtógfainn í le grá agus go dtabharfainn spás di i féin a chur in iúl, beag beann ar a raibh an saol ag súil leis uaithi. Chinntigh muid go mbeimís á moladh, go ndéanfadh muid iarracht gan trácht a dhéanamh ar a cuma ach ar a cumas agus ar a cruthaitheacht.

Bliain go leith ar aghaidh, tá cailín beag atá agam atá glórach, neamhspleách agus misniúil. Eilíonn sí orm 'suí síos' nuair atá m'aird uaithi, an focal is fearr léi ná 'NO' (uaireanta, ó mhaidin go hoíche). Níl cead agam cabhrú léi a cuid bróga chur uirthi, ná cabhrú léi a béile a ithe ach oiread.

Chuamar amach ag súil an lá eile, an bheirt againn. Chuir mé sa bhuggy í don chéad deich nóiméad ach is bean bheag í nach maith léi a bheith ceangailte síos, ar aon bhealach. Amach léi mar sin, ag siúl chois fharraige i gCluain Tarbh.

Shíl mise go mbainfeadh muid beirt taitneamh as an aer úr. Ní mar a shíltear a bhítear áfach! Chinn sise go mbeadh sí sásta siúl ar an mbóthar (áit a raibh go leor tráchta ann) nó díreach ar imeall an chosáin, áit a raibh sí chomh gar don fharraige go bhféadfadh sí titim síos ar na carraigeacha nó níos measa fós, san fharraige. Nuair a thóg mise ó imeall an chosáin í, bheadh sí ar an mbóthar láithreach. Sin mar a bhí an tsiúlóid, mise ag iarraidh í a chosaint, ise ag iarraidh a rud féin a dhéanamh.

Ní fhéadfainn labhairt léi faoin mbaol a bhain leis, níl sí ach bliain go leith agus ní thuigeann sí baol, ná baol air. Nuair a d'fhill muid ar an mbaile, labhair mise le mo chéile faoin eachtra. Mheabhraigh sé dom gur seo an cailín beag a bhí uainn, cailín beag nach miste léi a tuairimí a chur in iúl, gur cuma léi faoi theorainneacha a chuireann an saol uirthi agus nach seasann siar ó ghlóracha cáinteacha.

Sin mar atá agus mar a bheidh an saol againne; mise ag iarraidh í a chosaint, ise ag iarraidh a rud féin a dhéanamh.