Tá Seisiún ar ais le ceithre oíche iontacha eile de cheol beo ó ionaid cháiliúla a bhfuil baint acu leis an gceol comhaimseartha Éireannach is fearr le 40 bliain anuas. Labhair muid le Muireann faoin tsraith seo a thugann timpeall na tíre í ó cheann ceann na bliana.
Deir Muireann gur 'pribhléid' é a bheith ag cur aithne ar na háiteanna speisialta seo atá ar nós 'community centres' do dhaoine. Luann sí tábhacht na n-áiteanna seo don phobal ceoil agus dóibh siúd a thagann chuig na gigs, an pobal i gcoitinne.
From An Róisín Dubh i nGaillimh, DeBarras i gCloich na Coillte i gCorcaigh, The Spirit Store i nDún Dealgan, agus Cleeres i gCathair Chill Chainnigh, Nic Amhlaoibh, a singer and musician as well as presenter of RTÉ Radio One's Folk on One says that in a world where everything is commercial, these venues are outliers and special places.
'these places are keeping the trajectory of music alive'
Tá na hionaid íocónacha seo ag oscailt a ndoirse don cheoltóir Muireann Nic Amhlaoibh agus í ag cur i láthair na mbannaí, na gceoltóirí agus na h-amhránaithe is fearr agus is gile a bhfuil dlúthbhaint acu leis na hionaid neamhspleácha seo atá chomh muinteartha leis an bpobal. Beidh Bell X1, The Hothouse Flowers, Jack Lukeman, Mary Coughlan, The Cardinals, John Spillane, Ryan Sheridan agus The Gurriers in éineacht linn le ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shaibhir cheoil a bhaineann leis na hionaid: An Róisín Dubh i nGaillimh, DeBarras i gCloich na Coillte, The Spirit Store i nDún Dealgan, agus Cleeres i gCathair Chill Chainnigh.
Muireann describes these venues and those who own them as 'a chink of light' in an industry which is very much in flux.
Tá tallann úrnua agus ceannródaíoch ar nós IMLÉ, The Kates, Annika Kilkenny, Rawney agus Dug i measc na n-aíonna a fuair a gcéad sheans ag seinm beo sna háiteanna speisialta seo agus beidh siadsan lárnach sa cheiliúradh uathúil seo.

Cé go gcoinníonn na tithe ceoil a gcarachtar croíúil, áitiúil agus réchúiseach, tá clú agus cáil bainte amach ag ionaid neamhspleácha cosúil leis an Róisín Dubh, DeBarras, an Spirit Store agus Cleeres mar ionaid cheoil bheo atá ar comhchéim, nó b'fhéidir níos fearr, ná hallaí ceolchoirme agus amharclanna i bhfad níos mó, níos galánta agus níos fearr maoinithe. Agus tá siad á dhéanamh seo gan mórán tacaíochta nó acmhainní ón stát. Tá sé mar aidhm ag Seisiún mothú bróid agus muintearais a threisiú, bunaithe ar na hionaid seo, ar a suíomhanna ar leith, agus ar an streachailt leanúnach atá acu fanacht ar an bhfód.
Tugann Seisiún léargas dóibh siúd atá sa bhaile ar an méid oibre, an paisean agus an grá atá sna hionaid seo.
Seisiún, 26 Meán Fómhair ag 8pm ar RTÉ ONE